Cosán an tSuímh...
Déanfaidh an Scéim do Ranníocaíochta Forbartha forbairt a dhíolmhú ó ranníocaíochtaí sa chás go bhfuil an fhorbairt a áirítear mar díolmhaithe ó tháillí pleanála faoi Cuid 12 Airteagal 157 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha, 2001. Áirítear Tithíocht Shóisialta agus Tithíocht Dheonach san aicmiú díolmhaithe.
Nuair a chuimsíonn nó gurb é atá in iarratas pleánála ná forbairt, i dtuairim an Údarás Pleanála, gur forbairt beartaithe atá le déanamh ag nó thar ceann eagraíochtaí deonacha, agus i dtuairim an Údarás Pleanála
go bhfuil sé deartha nó beartaithe d’úsáid shóisialta, caitheamh aimsire, oideachasúil nó reiligiúnach ag muintir na háite, nó daoine ó ghrúpa ar leith nó sainaicme chreidimh, agus nach mbainfear úsáid as ar mhaithe le brabús nó sochair,
go bhfuil sé deartha nó beartaithe d’úsáid mar cheardlann, ionad oiliúna, brú nó cóiríocht eile do dhaoine faoi mhíchumas agus nach mbainfear úsáid as ar mhaithe le brabús nó sochair, nó
go bhfuil sé coimhdeach don fhorbairt dá dtagraítear in alt (a) nó (b)
Ní bheidh ranníocaíocht forbartha iníoctha leis an gcineál seo forbairt.
- Nuair gurb é atá nó go gcuimsíonn iarratas pleanála tithe a sholáthar, nó forbairt atá coimhdeach leis an soláthar sin, atá beartaithe do bheith déanta ag nó thar ceann comhlacht atá ceadaithe chun críocha Alt 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992 (Uimh. 18 de 1992) agus nach mbainfear úsáid as ar mhaithe le brabús nó sochair, ní bheidh ranníocaíocht forbartha iníoctha leis an gcineál seo forbairt.
BEIDH FORBAIRTÍ TALMHAÍOCHTA DÍOLMHAITHE Ó RANNÍOCAÍOCHTAÍ FORBARTHA.
Chun críocha an foráil seo beidh talmhaíocht sainithe chun gairneoireacht, saothrú torthaí, saothrú síolta, déiríocht, pórú agus coinneál beostoc (lena n-áirítear aon ainmhí a choinnítear chun bia, olann, craicne nó fionnadh a tháirgeadh nó chun críocha a úsáid ar fheirmeoireacht na talún), capaill a thraenáil agus stoc folaíochta a thógáil, talamh a úsáid mar thalamh féaraigh, talamh móinéir, talamh sailí, garraithe margaithe agus talamh altran a chuir san áireamh.
Glacfar le struchtúir talmhaíochta atá liostaithe i gCuid 3, forbairtí den aicme tuaithe atá díolmhaithe 6,7, 8, 9, 11, 12, 13 agus 14 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 do bheith díolmhaithe ó ranníocaíochtaí forbartha faoin scéim seo.
Glacfar le dobharshaothrú do bheith díolmhaithe ó ranníocaíochtaí forbartha faoin scéim seo.
TAIFEAD NA STRUCHTÚR ATÁ FAOI CHOSAINT
Beidh gach foirgneamh agus áitreabh atá liostaithe i dtaifead na stuchtúr atá faoi chosaint díolmhaithe ó ranníocaíochtaí forbartha.
BOILSCIÚ
Déanfar na rátaí a cheartú le héifeacht ar an 1 Aibreán gach bliain bunaithe ar athruithe san Innéacs Praghasanna Mórdhíola do Thógáil & do Fhoirgníocht foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, dar tús 1 Aibreán 2004.
TRÉIMHSE AN SCÉIM RANNÍOCAÍOCHTAÍ AGUS TRÉIMHSE ATHBHREITHNITHE
Féadfaidh an Chomhairle, ó am go ham, ag tabhairt aird ar choinníollacha a bheidh i réim san am sin an scéim a athbhreithniú. An scoithbhliain atá curtha leis an scéim (más rud nach ndéantar scéim nua roimhe sin) ná Márta 2009.
LEITHDHÁILEADH RANNÍOCAÍOCHTAÍ FORBARTHA
Déanfar nach lú ná 50% de na ranníocaíochtaí a bailíodh i ngach toghcheantair a chaitheamh sna ceantair sin, a dhéanfar a ríomh thar tréimhse an scéim do ranníocaíochtaí forbartha. Déanfar gach airgead a bailíodh do ghníomhaíocht thionsclaíoch agus thráchtála a roinnt faoi na teidil Uisce, Fuíolluisce, Caitheamh Aimsire/Taithneamachtaí de réir na céatadáin a leanas 25%, 40% & 35%.
Bainfidh muirir faoi réir na scéime seo le gach cinneadh iarratais a dhéantar ar nó tar éis 8 Márta 2004.