Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

Is údarás rialaithe tógála í Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin Acht um Rialú Foirgníochta 1990 agus dá réir sin tá cumhachtaí aici lena chinntiú go gcomlíontar na rialacháin foirgníochta. An aidhm atá leis na rialacháin seo ná dea-chleachtais a chur chun cinn i ndearadh agus i dtógáil foirgnimh ar mhaithe le sláinte, sábháilteacht agus leas gach duine a bhaineann úsáid astu.

Lena chinntiú go gcomhlíontar na rialacháin foirgníochta, tá cumhachtaí ag an gComhairle:

Cuireann na Rialacháin um Rialú Foirgníochta an dá riachtanas tábhachtach a leanas i bhfeidhm ar dhaoine a dhéanann obair thógála.

Tá foirmeacha iarratais ar dheimhiú um shábháilteacht ó dhóiteán mar aon leis na sonraí iomlán na doiciméid agus pleananna atá le cuir isteach leis an iarratas ar fáil ón Oifig Pleanála agus ba chóir iad a chuir isteach leis na pleananna, sonraí agus an táille cuí a theastaíonn. Go hiondúil déantar an deimhniú a eisiúint laistigh de dhá mhí ón dáta a dhéantar iarratas agus is féidir cuir leis an tréimhse seo ach comhaontú i scríbhinn a bheith idir an iarratasóir agus an údarás rialaithe tógála. Is féidir an deimhniú a eisiúint le nó gan coinníollacha nó is féidir é a dhiúltú.

Is féidir le iarratasóir achomharc a dhéanamh i leith diúltú chuig An Bord Pleanala. Tá pionóis throma, lena n-áirítear fíneálacha agus príosúnacht má dhéantar na rialacháin a shárú agus féadfaidh deacrachtaí tarlú i leith an mhaoin a dhíol más rud nach féidir a chruthú nar comhlíonadh riachtanais na rialacháin. Tá foráil ann chomh maith faoin Acht um Rialú Foirgníochta 1990 chun riachtanais na rialacháin foirgníochta a chuir ar ceal nó a mhaolú i gcásanna ar leith.