Cosán an tSuímh...
FORBAIRT TALMHAÍOCHTA AGUS FEIRME - CEISTEANNA PLEANÁLA
Cé go mbíonn díolúine ag roinnt mhaith d’fhorbairtí bheaga talmhaíochta nó foraoiseachta ar a bhformhór, teastaíonn cead pleanála ó fhorbairtí mhóra. Chomh maith leis sin, aon fhorbairt a bhfuil sé riachtanach go mbeadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) déanta uirthi, teastóidh cead pleanála a fháil di. Is treoir shimplí d’fheirmeoirí an leathanach seo ina dtugtar breac-chuntas ar phríomhghnéithe an chórais phleanála ar dealraitheach go mbeidh baint ag feirmeoirí leo.
1. AN DTEASTAÍONN CEAD PLEANÁLA UAIM?
2. CÉARD É FORBAIRT DÍOLÚINE?
3. CÉARD IAD NA DÍOLÚINTÍ Ó CHEAD PLEANÁLA?
4. CÉARD FAOI MHEASÚNÚ AR AN TIONCHAR AR AN GCOMHSHAOL (MTC)?
5. CÁ BHFAIGHIDH MÉ TUILLEADH EOLAIS AR MTC?
6. CÉ MHÉAD A CHOSNÓIDH IARRATAS PLEANÁLA?
7. CÉ NA DOICIMÉID ATÁ ORM A CHUR ISTEACH?
8. CAD A CHEART GO DTAISPEÁNFADH MAPA NÓ PLEAN SUÍMH?
9. CAD A CHEART GO DTAISPEÁNFADH PLEAN NÓ LEAGAN AMACH LÁITHREÁN?
10. CÁ BHFAIGHIDH MÉ COMHAIRLE AR STÓRÁIL AGUS DIÚSCAIRT EISILTIGH?
11. AN DTEASTAÍONN AON CHINEÁL CEAD EILE UAIM?
1. AN DTEASTAÍONN CEAD PLEANÁLA UAIM?
Teastaíonn cead pleanála le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine, go ginearálta, ach amháin nuair atá díolúine sonrach ag an bhforbairt agus níl aon ghá le cead pleanála. Áirítear sa téarma, forbairt, oibreacha ar bith a dhéanfaí (i.e. tógáil, scartáil nó athrú) ar, istigh, os cionn nó faoi thalamh nó foirgnimh ar bith agus áirítear leis athrú úsáide ábhartha (i.e. suntasach) a dhéanfaí ar struchtúir nó ar thalamh.
2. CÉARD É FORBAIRT DÍOLÚINE?
Is éard is forbairt díolúine ann ná forbairt nach dteastaíonn cead pleanála lena aghaidh. Leagtar amach catagóirí d’fhorbairtí a bhfuil díolúine ag baint leo sa dlí pleanála. Tá díolúine ag go leor forbairtí talmhaíochta, go háirithe nuair a húsáidtear an talamh le haghaidh cúiseanna talmhaíochta. I gcásanna eile, tá tairseacha áirithe ag baint le méid nó airde mar shampla. Má ghabhtar thar na tairseacha seo, ní bhaineann díolúine leo a thuilleadh. Is í an fheidhm atá le díolúine ná chun srianta a sheachaint ar fhorbairtí beaga. Leagtar síos na príomhdhíolúintí sa chéad alt eile.
3. CÉARD IAD NA DÍOLÚINTÍ Ó CHEAD PLEANÁLA?
Seo a leanas na forbairtí a bhfuil díolúine acu
- úsáid na talún i gcomhair talmhaíochta nó foraoiseachta (ach feic riachtanaisí an MTC ag Ceist 4 thíos);
- úsáid foirgnimh feirme nó foirgnimh foraoiseachta chun na críche seo (ach feic na coinníollacha thíos);
- cothabháil talún le haghaidh próisis talmhaíochta;
- balla nó fál a thógáil, suas go 2 mhéadar ar airde (3 mhéadar d'fheirm fia), ach ní ceann déanta de mhiotal leatáin ná ceann a chuireann teorann le gairdín ná ceann a théann os comhair teach cónaithe (tá socraithe díolúintí ar leith ann do thithe).
FOIRGNIMH AGUS STRUCHTÚIR
Is forbairtí díolúintí na cineálacha seo d’fhoirgnimh agus struchtúir talmhaíochta a chur ar fáil:
Cineál 1
Struchtúr le díon ar tithíocht í d’eallaí, caoirigh, gabhair, asail, capaill, fianna nó coiníní, ar choinníoll nach dtéann achar urláir an struchtúir thar 200 méadar cearnach agus nach dtéann achar urláir iomlán na struchtúr dá shaghas laistigh de choimpléasc an chlóis feime (nó i bhfoisceacht 100 méadar de) thar 300 méadar cearnach; Struchtúr le díon ar tithíocht í do mhuca, minceanna nó éanlaithe, ar choinníoll nach dtéann achar urláir an struchtúir thar 75 méadar cearnach agus nach dtéann achar urláir iomlán na struchtúr dá shaghas laistigh de choimpléasc an chlóis feirme (nó i bhfoisceacht 100 méadar de) thar 100 méadar cearnach;
Cineál 2
Cubhachailí gan díon, clóis oscailte scaoilte, limistéir sadhlann nó sadhlais féinbheathaithe, leaca chothúcháin, banracha, bleánlann, stóráil eisiltigh, struchtúir chun sadhlas a dhéanamh/stóráil, ar choinníoll nach dtéann achar urláir d’aon struchtúr nua thar 200 méadar cearnach agus nach dtéann achar urláir iomlán na struchtúir ar fad de Chineál a 2 laistigh de choimpléasc an chlóis feirme (nó i bhfoisceacht 100 méadar de) thar 300 méadar cearnach;
Cineál 3
Stór, scioból, seid, teach gloine, araile nach dtéann an achar urláir thar 300 méadar cearnach agus nach n-úsáidtear iad mar thithíocht d’ainmhí ná chun eisilteach a stóráil ar choinníoll nach dtéann achar urláir iomlán na struchtúir ar fad de Chineál a 3 laistigh de choimpléasc an chlóis feirme (nó i bhfoisceacht 100 méadar de) thar 900 méadar cearnach;
Cineál 4
Láthair le fál gan díon a d’úsáidfí mar áit aclaíochta do chapaill nó chun iad a thraenáil ar choinníoll nach dtéann an fál níos mó ná 2 mhéadar in airde agus nach dtéann sí i bhfoisceacht 10 méadar de bhóthar poiblí;
Cineál 5
Struchtúr le díon ar tithíocht í do chúnna, ar choinníoll nach dtéann an achar urláir thar 50 méadar cearnach agus nach dtéann achar urláir iomlán na struchtúir ar fad de Chineál a 5 laistigh den choimpléasc céanna (nó i bhfoisceacht 100 méadar de) thar 75 méadar cearnach;
Cineál 6
Clós gan díon a bhfuil dromchla crua air nó láthair iata gan díon (a bhfuil baint aige le coinneáil cúnna), ar choinníoll nach dtéann an achar urláir iomlán thar 100 méadar cearnach agus nach dtéann achar urláir iomlán na struchtúir ar fad de Chineál a 6 laistigh den choimpléasc céanna (nó i bhfoisceacht 100 méadar de) thar 150 méadar cearnach. Tá na díolúintí seo áfach faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas:
- Níl cead iad a thógáil ach i gceantair tuaithe (na 6 Chineál ) – is éard is ceantar tuaithe ann ná ceantar atá taobh amuigh de theorainneacha uirbeacha agus teorainneacha bardas;
- Caithfidh an fad ó bhóthar poiblí a bheith 10 méadar ar a laghad (na 6 Chineál);
- Is 100 méadar ar a laghad an fhad a bheidh idir iad agus tithe, scoileanna, séipéil nó foirgnimh ina gcruiníonn daoine mura bhfuil cead i scríbhinn tugtha ag na húinéirí agus na sealbhóirí má tá fad níos lú i gceist (na 6 Chineál);
- Ní fhéadfaidh an airde dul thar 8 méadar os cionn leibhéal na talún i bhfoisceacht 100 méadar de bhóthar poiblí (na 6 Chineál);
- Caithfear áiseanna stórála eisiltigh a chur ar fáil ar leor iad chun a chinntiú nach dtruailleofar uisce. (Gach Cineál seachas Cineál 3);
- Caithfear iad a úsáid chun críocha talmhaíochta amháin (Cineál 1 go 3) agus chun porú agus coinneáil cúnna, de réir mar is cuí (Cineál 4 go 6).
Níl feidhm ag na díolúintí más rud é go gcuirfeadh an fhorbairt as do shuíomhanna, gnéithe, araile, atá le caomhnú, atá liostaithe sa phlean forbartha nó sa dréachtphlean.
4. CÉARD FAOI MHEASÚNÚ AR AN TIONCHAR AR AN GCOMHSHAOL (MTC)?
Mar chuid den phróiseas pleanála caithfear MTC a dhéanamh ar na forbairtí talmhaíochta agus foraoiseachta seo a leanas.
Caithfear iarratas a dhéanamh ar chead pleanála, lena n-áirítear, Ráiteas Tionchar Timpeallachta (RTT) a chur isteach, i gcásanna mar seo:
a. Úsáid talamh neamhshaothraithe nó limistéar leathnádúrtha chun críocha dianthalmhaíochta, áit a mbeadh an limistéar atá i gceist níos mó ná 100 heictéar;
b. Tograí bainistíochta uisce do thalmhaíocht
- áit a mbeadh an dobharcheantar atá i gceist níos mó ná 1,000 heictéar, nó
- áit a mbeadh baint aige le níos mó ná 50 heictéar de bhogach;
c. Foraoisiú áit a mbeadh an limistéar ina aonar, nó in éineacht le limistéir a raibh cur á dhéanamh ann le trí bliana roimhe, níos mó ná 70 heictéar; nó foraois leathanduilleach á hathchur le buaircínigh, áit a mbeadh an limistéar níos mó ná 10 heictéar;
d. Míntíriú talún chun críocha úsáid na talún a athrú go húsáid talún eile, áit a mbeadh an limistéar i gceist níos mó ná 100 heictéar;
e. Baint mhóna ina mbeadh limistéar nua nó limistéar méadaithe de 50 heictéar nó níos mó;
f. Suiteáil tógála éanlaith, áit a rachadh an toilleadh thar 100,000 aonad agus áit a bhfuil coibhéis mar seo a leanas ag aonad;
1 sicín grísce = 1 aonad
1 béaróg, turcaí nó éan eile = 2 aonad;g. Suiteáil tógála muc, áit a rachadh an toilleadh thar 1,000 aonad ar ghléireach nó 3,000 aonad ar na hithreacha eile agus áit a bhfuil coibhéis mar seo a leanas ag aonad;
1 muc = 1 aonad
1 cráin = 10 aonad;
Beidh MTC ag teastáil do thograí i gcatagóirí agus (g) fiú nuair nach dtéitear thar na tairseacha liostaithe, má mheasann an t-údaras pleanála go bhféadfaí éifeachtaí shuntasacha a bheith aige ar an gcomhshaol.
5. CÁ BHFAIGHIDH MÉ TUILLEADH EOLAIS AR MTC?
Míníonn an leathanach Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol próiseas an MTC agus céard é Ráiteas Tionchar Timpeallachta (RTT). Míneoidh an t-údaras pleanála cé acu tograí forbartha a dteastaíonn MTC uathu agus moltar go láidir go rachaidh tú i dteagmháil leis an údarás pleanála le haghaidh comhairliúchán réamh-iarratais más rud é go bhféadfaí go mbeadh ullmhú RTT mar chuid de do thogra.
6. CÉ MHÉAD A CHOSNÓIDH IARRATAS PLEANÁLA?
Athraíonn na táillí d’iarratas pleanála ag braith ar chineál agus méid an togra molta. Tá na sonraí iomlána leagtha amach i gclár na dtáillí. Ní féidir leis an údarás pleanála cinneadh a thógáil ar iarratas go dtí go mbeidh an táille ceart íoctha.
7. CÉ NA DOICIMÉID ATÁ ORM A CHUR ISTEACH?
Leagtar amach sna leathanaigh Treoir chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh agus i Ag Déanamh Iarratas Pleanála na doiciméid a theastaíonn do gach iarratas pleanála. Feic freisin an seicliosta. Áirítear ar na doiciméid bhreise a theastaíonn d’fhorbairt talmhaíochta:
- Sceidil d’fhoirgnimh molta agus foirgnimh atá ann cheana féin le hachair na hurláir, agus líon na n-ainmhithe a bhfuil teach acu agus a mbeidh tithíocht uathu;
- Sceidil de mhodhanna stórála agus leata eisiltigh, toilltí, socraithe chun a chinntiú nach gcaolaítear eisilteach le huisce glan agus chun a chinntiú nach gcruthaíonn eisilteach truailliú, araile;
- De réir mar is cuí, comhaontú sínithe le húinéirí tailte chun eisilteach a leathadh ar a gcuid tailte.
8. CAD A CHEART GO DTAISPEÁNFADH MAPA NÓ PLEAN SUÍMH?
Chomh maith leis na sonraí a léirítear i Treoir chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh agus i Ag Déanamh Iarratas Pleanála, teastóidh an t-eolas seo a leanas de ghnáth:
- feirm an iarratasóra agus forbairt an chlóis feirme, sruthchúrsaí, draenacha, tithe, scoileanna, séipéil nó foirgnimh ina gcruinníonn daoine atá sa chóngaracht;
- talamh eile sa chóngaracht a bhfuil úinéireacht ag an iarratasóir nó an uinéir talún air marcáilte nó daite ar leithligh agus;
- talamh atá ar fheirm an iarratasóir agus nach bhfuil ar a fheirm atá ar fáil chun eisilteach a leathadh air, chomh maith le haon sruthchúrsa, draen, teach cónaithe, scoil, séipéal nó foirgnimh ina gcruinníonn daoine i bhfoisceacht 100 méadar do thalamh den saghas seo.
9. CAD A CHEART GO DTAISPEÁNFADH PLEAN SUÍMH NÓ LEAGAN AMACH?
Chomh maith leis na sonraí a léirítear sna leathanaigh Treoir chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh agus Ag Déanamh Iarratas Pleanála, teastóidh an t-eolas seo a leanas de ghnáth:
- foirgnimh agus struchtúir feirme atá ann cheana féin, clóis le dromchla agus gan dromchla, treonna na fánaí, clóis salacha, cairn sadhlais, araile;
- foirgnimh agus struchtúir feirme molta, mar atá thuas;
- geataí agus ballaí na gclós ar fad;
- tancanna stórála eisiltigh atá molta agus atá ann cheana féin marcáilte nó daite ar leithligh;
- leagan amach draenáil an eisiltigh agus an uisce shalaigh agus uisce ón díon agus bailiúchán uisce glan eile agus córais diúscartha. Ba cheart go dtaispeánfaí gach cainéal uisce faoin talamh, gach draein agus gach píopa;
- gach sruthchúrsa, tobar, soláthar uisce, araile atá i gceangal leis;
- aon dabhach seipteach atá molta agus atá ann cheana féin;
- bóithre agus teorainneacha láithreán agus an fad go dtí iad.
10. CÁ BHFAIGHIDH MÉ COMHAIRLE AR STÓRÁIL AGUS DIÚSCAIRT EISILTIGH?
Moltar duit áiseanna stórála eisiltigh a dhearadh a bheadh de réir "Treoirlínte agus Moltaí ar Thruailliú ó Dhramhaíl Clós Feirme a Rialú" (Eagrán Ceartaithe 1985) a d’eisigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta. Is féidir comhairle ar fhorbairt feirme a fháil ó d’oifig Teagasc áitiúil de ghnáth agus Seirbhís Forbartha Feirme (FSS) an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe.
11. AN DTEASTAÍONN AON CHINEÁL CEAD EILE UAIM?
Ní bheidh tú i dteideal d'fhorbairt mholta a chur i gcrích go heisiatach de bhithín gur deonú cead duit. B'fhéidir go mbeadh ort cur isteach ar cheadúnas faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990 chun eisilteach nó dramhaíl eile a scardadh go dtí séarach nó chuig loch, abhainn, screamhuisce, araile.
Teastóidh cead uait má tá tú ag déanamh nasc le príomhphíobán uisce nó séarach atá poiblí nó atá ag grúpa. Má tá tú ag suiteáil dabhach seipteach i limistéar gan seirbhísí, b’fhéidir go mbeadh ort torthaí poill tástála agus síothlaithe a chur isteach (feic Tuairisc ar Oiriúnacht Suímhe do Dhabhach Séarachais – doiciméad Acrobat).
Chomh maith, bíonn ar fhoirgnimh agus leathnaithe nua cloí le rialacháin foirgníochta, de ghnáth, a leagan amach riachtanais tógála agus deartha bunúsacha. Tá sonraí na riachtanais le fáil i Treoir maidir leis na Rialacháin Foirgníochta agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ón údarás áitiúil.
Tabhairfaidh an t-údarás pleanála comhairle ar dhearadh, críochnú agus láithreánú forbairtí. Moltar duit an plean forbartha áitiúil a sheiceáil.
- foirgnimh agus struchtúir feirme atá ann cheana féin, clóis le dromchla agus gan dromchla, treonna na fánaí, clóis salacha, cairn sadhlais, araile;