Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

AG DÉANAMH OBAIR TIMPEALL AN TÍ

1. CÉN UAIR A DTEASTAÍONN CEAD PLEANÁLA UAIM?

Go ginearálta, teastaíonn cead pleanála ó aon fhorbairt talún nó maoine, ach amháin nuair atá diolúine sonrach ag an bhforbairt. Áirítear sa téarma, forbairt, oibreacha ar bith a dhéanfaí (tógail, scartáil, athrú) ar thalamh nó ar fhoirgnimh, agus athrú úsáide ábhartha (i.e. suntasach) a dhéanfaí ar fhoirgnimh nó ar thalamh.

2. CÉARD É FORBAIRT DÍOLÚINE?

Is éard is forbairt díolúine ann ná forbairt nach dteastaíonn cead pleanála lena aghaidh. Leagtar amach catagóirí d’fhorbairtí a bhfuil díolúine ag baint leo sa dlí pleanála. Tá breac-chuntas tugtha sa bhileoigín seo de dhíolúintí ábhartha a bhaineann le forbairtí tís. Is iondúil go mbíonn tairseacha áirithe ag baint le, mar shampla, méid nó airde. Má ghabhtar thar na tairseacha seo, ní bhaineann díolúine leo a thuilleadh. Is í an fheidhm atá le díolúine, chun srianta a sheachaint ar fhorbairtí bheaga, cosúil le méaduithe beaga ar thithe.

3. AN BHFÉADFADH SÉ GUR FORBAIRT DÍOLÚINE É ATHRÚ ÚSÁIDE?

D’fhéadfadh. Ní theastaíonn cead pleanála nuair nach athrú úsáide “ábhartha” atá ann.

4. CÉARD IS 'ATHRÚ ÚSÁIDE ÁBHARTHA' ANN?

Braitheann sé seo ar chúinsí gach cás. Go ginearálta, teastóidh cead pleanála ó aon athrú substaintiúil a mbeadh tionchar nó go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar chomharsanaí nó ar an bpobal áitiúil. Samplaí is ea, garáiste a athrú go ceardlann le húsáid gnó, creis a bhunú nó teach leaba agus bricfeasta a oscailt i do theach a mbeadh níos mó ná 4 seomra leapa lóistín ann. Tá an t-údarás pleanála in ann comhairle a thabhairt, an measann siad go bhfuil aon athrú úsáide ar leith suntasach go leor go mbeadh sé “ábhartha” chun críocha pleanála. Feic Ceist 19 thíos le haghaidh sonraí ar conas ar féidir leis an mBord Pleanála an cheist, an bhfuil díolúine ag forbairt nó nach bhfuil, a réiteach.

    OIBREACHA TÍS A BHFUIL DÍOLÚINE ACU
5. AN BHFÉADFAIDH MÉ MÉADÚ A THÓGÁIL?

Ní theastaionn cead pleanála ó mhéaduithe tís ar mhionscála, lena n-áirítear grianáin, má bhíonn an méadú i dtreo chúil an tí agus

6. AN BHFÉADFAIDH MÉ ÚSÁID MO GHARÁISTE A ATHRÚ GO HÚSÁID TÍ?

Is forbairt díolúine, de ghnáth, í athrú úsáide a dhéanamh ar gharáiste, stór, seid, araile, atá i bhfastú ar chúl nó ar thaobh tí chun bheith ina pháirt de theach cónaithe (m.sh. go seomra suí nó seomra leapa), agus tá sé faoi réir an teorainn 40 méadar thuasluaite.

7. AN BHFÉADFAIDH MÉ GARÁISTE A THÓGÁIL?

Féadfaidh tú garáiste, carrfort, seid, teach gloine, bothán do pheataí  tí, araile, a thógáil an fhad is nach síneann sé amach thar líne tógála an tí agus nach rachaidh sé thar 4 mhéadar in airde, (má tá díon claonta tílithe nó sclátaithe air), nó 3 mhéadar (má tá díon d'aon chineál eile air). Is é an teorainn atá ar achar urláir d’fhorbairtí díolúine ná 25 méadar cearnach. Ní fhéadfar cónaí sa struchtúr ná í a úsáid chun críocha tráchtála ná chun muca, éanlaithe, colúir, capaillíní ná capaill a choinneáil. Caithfear an bailchríoch chéanna a bheith ar gharáistí, seideanna, araile atá ag taobh an tí. Ní fhéadfaidh tú an spás oscailte ag taobh nó ar chúl an tí a laghdú go níos lú ná 25 méadar cearnach.

8. AN BHFÉADFAIDH MÉ PÓIRSE TOSAIGH A THÓGÁIL?

Féadfaidh tú póirse a thógáil gan cead pleanála, fad is nach rachaidh sé thar 2 mhéadar cearnach san achar agus go bhfuil sé níos faide ná 2 mhéadar ó aon bhóthar poiblí nó cosán. Áit a bhfuil díon claonta tílithe nó sclátaithe ar phóirse, ní rachaidh sé thar 4 mhéadar in airde, nó 3 mhéadar d’aon chineál díon eile. Is póirse tosaigh laistigh de na teorainneacha seo an t-aon chineál forbairt atá ceadaithe dul thar bhalla tosaigh an fhoirgnimh (an líne tógála) agus a bhfuil díolúine fós aige.

9. AN BHFÉADFAIDH MÉ BALLAÍ, FÁLTA AGUS GEATAÍ A CHUR SUAS?

Is féidir ballaí a bhfuil caipín orthu déanta le brící, clocha nó le blocanna a bhfuil bailchríoch mhaisiúil orthu, ráillí agus fálta adhmaide a chur suas an fhad is nach dtéann siad thar 1.2 méadar in airde ar aghaidh do theach nó 2 mhéadar ag an taobh nó ar gcúl. Más rud é go bhfuil an balla déanta de bhlocanna gan mhaisiú orthu nó le maischoincréit, caithfidh plástar dul air. Féadfar geataí nó conairí le geataí a thógáil agus a ionadú ar choinníoll nach dtéann siad thar 2 mhéadar in airde. Teastóidh cead pleanála uait má bhíonn rochtain nua nó rochtain leathnaithe chuig an bóthar poiblí uait.

10. AN BHFÉADFAIDH MÉ SIMLÉAR AGUS COIRE-THEACH A THÓGÁIL?

Is forbairt díolúine é coire-theach nó simléar do chóras teasa lárnaigh, nó dabhach taisce ola (suas go 3,500 líotar de thoilleadh).

11. AN BHFÉADFAIDH MÉ COSÁIN, LOCHÁIN AGUS PAITIÓNNA A THÓGÁIL?

Tá díolúine ag spásanna páirceála, cruadhromhclú, cosáin do ghairdín, locháin do ghairdín agus paitiónna, araile, an fhad is nach bhfuil siad 1 méadar os cionn nó faoi leibhéal na talún atá ann cheana féin.  Níl aon teorainn eile ar chúl an tí ach nach bhfuil díolúine ach ag níos mó ná 2 spás páirceála i dtreo taobh an tí nó cúl an tí.

12. AN BHFÉADFAIDH MÉ AERÓG TEILIFÍSE A CHUR SUAS?

Tá díolúine ag aeróg raidió nó teilifíse ar do dhíon más rud é nach rachaidh sé thar 6 mhéadar os cionn airde an díon. Is forbairt díolúine é mias satailíte suas go 1 méadar trasna agus faoi bharr an díon i dtreo chúil nó taobh an tí amháin. Teastaíonn cead ó mhias a bheadh chun tosaigh.

13. AN BHFÉADFAIDH MÉ ATHRUITHE LAISTIGH, DEISITHE LASMUIGH AGUS COTHABHÁIL A DHÉANAMH?

Is féidir leat aon athrú laistigh is mian leat a dhéanamh an fhad is nach n-athraíonn tú úsáid tís an tí. Ní theastaíonn cead pleanála ó oibreacha deisiúcháin, cothabhála agus feabhsúcháin lasmuigh mar phéinteáil agus athphlastráil an fhad is nach n-athraítear an chuma lasmuigh go hábharach, agus ar an gcaoi sin go gcuirfí cuma air a bheadh ar neamhréir le foirgnimh in aice láimhe. B’fhéidir go mbeadh faomhadh ag teastáil le haghaidh athruithe áirithe lasmuigh m.sh. ceangal nua le séarach.

Níl feidhm ag an díolúine seo ar fhoirgnimh atá liostaithe le caomhnú a dhéanamh orthu sa phlean forbartha áitiúil nó sa dréachtphlean forbartha áitiúil, ná ar foroinneadh a dhéanamh ar theach go hárasáin nó go hárasáin bhreise tigh. Caithfear cead pleanála a fháil d'oibreacha den chineál seo.

14. AN BHFÉADFAIDH MÉ SEAN-FHOIRGNEAMH A SCARTÁIL?

Féadfaidh tú scartáil a dhéanamh gan cead pleanála ar fhoirgnimh nach teach ináitrithe é ná teach atá liostaithe le caomhnú a dhéanamh air sa phlean forbartha áitiúil nó sa dréachtphlean ná teach atá i sraith ná teach atá i bhfastú de theach a bhfuil úinéireacht eile air. Mar sin féin, ní leanfar de go huathoibríoch go bhfaighfidh tú cead foirgnimh a thógáil ina áit. Áirítear sa téarma teach ináitrithe, struchtúr ar úsáideadh é mar theach cónaithe go deiridh fiú má tá sé i staid nach bhféadfaí cónaí ann anois. Áirítear leis chomh maith, foirgnimh arbh í an úsáid dheiridh a bhí ceadaithe dó ná mar theach, fiú má bhí úsáid neamh-údaraithe aige ó shin.

15. AN BHFÉADFAIDH MÉ CARBHÁIN AGUS BÁID A STÓRÁIL?

Féadfar carbhán amháin nó bad amháin a stóráil i do gháirdin suas go 9 mí den bhliain, an fhad is nach gconaíonn aon duine ann agus nach n-úsáidtear é chun críocha gnó.

16. AN BHFÉADFAIDH MÉ FÓGRAÍ A CHUR SUAS?

Ní theastaíonn cead pleanála d'fhógraí tís a mbeadh achar suas go 0.3 méadar cearnach acu, cosúil l'ainm nó uimhir do theach agus fógraí mar “Seachain an Madra”. Má tá tú ag díol nó ag ligean do theach méadaíonn sé sin suas go 0.6 méadar cearnach ach ní cheadaítear ach fógra amháin agus ní fhéadfaidh sé a bheith thuas níos faide ná 7 lá tar éis an díol nó an ligean.

17. AN BHFUIL AON TEORAINN AR FHORBAIRT DÍOLÚINE?

Cailleann gach cineál forbairt, a bhíonn díolúine ag baint leo de ghnáth, an stádas seo agus teastaíonn cead pleanála uathu:

18. AN BHFUIL FEIDHM AG NA DÍOLÚINTÍ AR ÁRASÁIN?

Níl feidhm ag na díolúintí atá liostaithe i 5, 8, 10 and 12  i gcás árásáin agus níl díolúine ag baint le páirceáil carranna ach amháin nuair atá sé i dtreo an chúil.

19.CÁ bhFAIGHIDH MÉ TUILLEADH EOLAIS AR DHÍOLÚINTÍ?

Tá liosta iomlán na bhforbairt díolúine leagtha amach sna hAchtanna agus sna Rialacháin Phleanála (sonraí ag deireadh an bhileoigín seo). Is féidir leis an údarás pleanála comhairle a thabhairt an gceapann siad go bhfuil cead pleanála riachtanach, nó nach bhfuil, i gcás áirithe. Mura n-aontaíonn tú leis an údarás pleanála go bhfuil cead pleanála ag teastáil, is féidir leat rialú fhoirmiúil a fháil trí "tagairt" a dhéanamh chuig an Bord Pleanála agus táille a íoc. Is féidir tuilleadh eolais a fháil díreach ón mBord ag 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, Íosghlao 1890275175

20. CÉARD A THARLÓDH DÁ RACHFAÍ THAR NA TEORAINNEACHA DÍOLÚINE?

Caithfear na teorainneacha a chomhlíonadh agus tá cumhacht ag an údarás pleanála an fhorbairt a stopadh má sháraítear iad. Más rud é, go ndéantar earráid mar gheall ar dhearmad, ba chóir iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála le haghaidh cead chun an obair atá déanta a choinneáil. Tugtar cead “coinneála” ar seo go ginearálta. Ní leantar de go huathoibríoch go ndeonófar é seo. Tá táille na coinneála trí oiread an ghnáth-tháille agus b’fhéidir go mbeadh ort obair atá déanta a thógáil síos, a athrú nó a cheartú, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith costasach. Is fíneálacha arda agus príosúnacht atá mar thoradh ar shárú dlí pleanála. B’fhéidir, chomh maith, go mbeadh sé deacair maoin a dhíol nach gcloíann leis na riachtanais phleanála. Má táthar ag ceannach maoine, seiceáil go gcloíann an foirgneamh é féin agus aon mhéadú nó athrú le rialacháin foirgníochta, nó dlitear gníomh forfheidhmiúcháin a chur ortsa, an t-úinéir nua.

21. AR CHÓIR DOM DUL I GCOMHAIRLE LEIS AN ÚDARÁS PLEANÁLA SULA NDÉANFAIDH MÉ FORBAIRT DÍOLÚINE?

Má tá tú sásta gur forbairt díolúine í d’fhorbairtse níl gá duit seiceáil leis an údarás pleanála mar gheall ar chead pleanála sula dtosaítear ar an obair. Má tá amhras ar bith ort, áfach, nó aon cheist agat faoi aon ghné pleanála, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála. Feic Ceist 23, chomh maith, i ndáil le Rialacháin Tógála.

22. AR CHEART DOM DUL I GCOMHAIRLE LE HAON CHOMHLACHT EILE?

Ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig BSL áitiúil má tá do chuid oibreacha molta gar do línte leictreachais atá ann cheana féin, má tá ceist agat faoi íosairde na línte cumhachta nó dá dtabharfadh an obair thógála aon duine gar don soláthar leictreachais ag do theach. Caithfidh tú é sin a dhéanamh má tá aon líne lasnairde i bhfoisceacht 23 méadar de na hoibreacha tógála.

23. AN BHFUIL FEIDHM AG RIALACHÁIN PHLEANÁLA?

Caithfidh d’fhorbairt a bheith de réir na rialacháin foirgníochta. Leagann na rialacháin seo amach na bunriachtanais deartha agus tógála agus tá feidhm acu ar gach foirgneamh nua, gach méadú, gach athrú agus athruithe úsáide áirithe d’fhoirgnimh atá ann cheana féin. Is féidir sonraí de na rialacháin foirgníochta agus na gnáthaimh ghaolmhara a fháil in PL.11, Treoir do na Rialacháin Foirgníochta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó d’údarás áitiúil. B’fhéidir go mbeadh cineálacha eile faomhaidh ag teastáil uait m.sh., nuair atáthar ag déanamh ceangal le séarach. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil i gcásanna mar seo.

24. AR CHÓIR DOM É A CHUR IN IÚL DO MO CHOMHARSANA ROIMH RÉ?

Ní riachtanas dlíthiúil é seo d’fhorbairt díolúine. Mar sin féin, is é do leas do chomharsana a chur ar an eolas faoi obair atá i gceist agat a dhéanamh ar do mhaoin. Is dócha gur údar imní dóibh a bheidh in obair a d'fhéadfadh dul i gcion orthu, mar a bheadh tú fhéin dá mbeadh an cás iompaithe droim ar ais. B’fhéidir go bhféadfaí aontú le do chomharsana faoi aon imní a bheadh acu trí do thogra a mhionathrú. Fiú má chineann tú gan athrú, de gnáth bíonn sé níos fearr é a bheith inste agat do do chuid comharsana sula dtosaítear ar an obair thógála. Má bhíonn ortsa nó ar do chonraitheoir dul isteach ar mhaoin do chomharsa, ba chóir duit a cead nó a chead a fháil sula ndéantar é sin.

B’fhéidir go mbeadh an baol ann go ndéanfaí buirgléireacht ar do theach mar gheall ar athruithe no píosaí breise ar do theach. Is féidir leis an Stáisiúin Gardai aitiúil comhairle úsáideach a thabhairt duit ar conas ar féidir an baol a mhaolú. Leagtar amach sa dlí a rialaíonn an córas pleanála san Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus sna Rialacháin Phleanála agus Forbartha 2001, arna leasú. Féadfar iad seo a cheannach ón Oifig Díolta Foilseachán an Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2, Teileafón (01) 661 3111.