Cosán an tSuímh...
Nuacht & Imeachtaí
Daoine agus Dúlra – Tionscadal Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe
Imeachtaí Dúlra agus Fiadhúlra 2008
Cén chiall atá leis an mBithéagsúlacht?
Go simplí, is ionann bithéagsúlacht agus an dúlra, agus an gaol atá idir orgánaigh bheo agus an timpeallacht. Áiríonn sé seo daoine, ainmhithe, plandaí, miocróib agus a ngnáthóga!
Daoine agus Dúlra – Tionscadal Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe
‘Daoine agus Dúlra’ an téama atá ag Tionscadal Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe. Is gníomh de chuid Phlean Oidhreachta Chontae na Gaillimhe an tionscadal seo agus is comhthionscnamh é idir Comhairle Contae na Gaillimhe agus OÉ Gaillimh, le tacaíocht ó Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Fóram Oidhreachta Chontae na Gaillimhe agus an Chomhairle Oidhreachta.
Is é atá mar aidhm leis an tionscadal an éagsúlacht iontach dúlra atá le fáil i gCo. na Gaillimhe a chur chun cinn agus comhairle a chur ar ghrúpaí pobail, úinéirí aonair talún agus an Chomhairle Contae. Tá Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta don Chontae curtha le chéile againn – plean ina bhfuil cur síos ar ár bpríomhthosaíochtaí do na cúig bliana amach romhainn.
An mbaineann tábhacht le Gaillimh ó thaobh an nádúir de?
Tá Co. na Gaillimhe ar cheann de na ceantair bhithéagsúlachta is saibhre san Eoraip. Meascán uathúil dálaí timpeallachta is cúis leis an éagsúlacht gnáthóg agus fiadhúlra – gnáthóga atá neamhchoitianta go maith in Éirinn agus san Eoraip. Sampla amháin is ea nach bhfuil an cineál turlach atá le fáil i nGaillimh agus sa Chlár le fáil in áit ar bith eile san Eoraip, agus sampla eile is ea go bhfuil níos mó ná 50% de na portaigh ardaithe atá fágtha san AE le fáil in Éirinn. Is pribhléid é a bheith ag maireachtáil i gceann de na timpeallachtaí is suimiúla ar domhan!
Daoine agus Sciatháin Leathair
Sciatháin leathair iad breis is trian de speiceas mamaigh na hÉireann, agus is fusa teacht orthu ach a mbíonn a fhios agat cár cheart duit dul ag tóraíocht! Tá súil againn, i gcomhar le Grúpa Sciathán Leathair na Gaillimhe, spléachadh a thabhairt duit ar na hainmhithe oíche seo, agus conas iad a aimsiú trí aimsitheoirí láimhe sciathán leathair a úsáid. Beidh speicis dhifriúla sciathán leathair le fáil i gceantair dhifriúla, dá bhrí sin, ba cheart duit iarracht a dhéanamh teacht chuig níos mó ná imeacht amháin! Is ann do na siúlóidí míosúla chun deis a thabhairt do dhaoine nach bhfuil aon taithí acu roimhe seo ar dhul sa tóir ar sciatháin leathair, agus bealach é le tráthnóna suimiúil a chaitheamh. Bainfidh idir óg agus aosta sult as na siúlóidí seo.
Beidh daoine in ann aimsitheoirí sciathán leathair a fháil ar iasacht má theastaíonn uathu suirbhé beag a dhéanamh ar sciatháin leathair ina ngairdín féin nó i bpáirc nó abhainn áitiúil.
An féidir linn cuidiú leat?
Gach uile bhliain eagraíonn an tionscadal Daoine agus Dúlra roinnt tionscadal scoile agus pobail, mar aon le clár gníomhaíochtaí agus cúrsaí nádúir. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus tá fáilte roimh chách. Fáiltímid roimh mholtaí do thionscadail nó gníomhaíochtaí eile ó scoileanna, grúpaí áitiúla agus daoine aonair, dá bhrí sin, má tá smaointe ar bith agat déan teagmháil linn!
Má tá ceist ar bith agat faoin Tionscadal Daoine agus Dúlra, déan teagmháil le Nick Marchant – an bainisteoir gníomhach tionscadail – ag 091 493863 nó seol ríomhphost chuig elaine.oriordan@nuigalway.ie