Cosán an tSuímh...
Fúinn Féin
Fís & Ráiteas Misin.
Is í fís CAS Co. na Gaillimhe ná ‘spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil– cuid den saol laethúil i gCo. na Gaillimhe.
Leagann ár ráiteas misin amach go soiléir ár gcuspóir agus is é sin ná ‘ méadú a dhéanamh ar rannpháirteachas trasphobail i spórt agus caitheamh aimsire i gContae na Gaillimhe trí clár forbartha comhordaithe, comhtháite agus inbhuanaithe, a dhéanfar a sheachadadh i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí áitiúla agus comhlachtaí spóirt’
Baill CAS Co. na Gaillimhe.
Faigheann an chomhpháirtíocht treoir straitéiseach agus beartais ón gComhairle Náisiúnta Spóirt agus sanntar rith na comhpháirtíochta ó lá go chéile do Chomhordaitheoir Spóirt agus cúnamh aige/aici ag Riarthóir Oifige. Tá CAS Chontae na Gaillimhe ina fhochoiste den Bhord Forbartha Contae agus éascaítear í ag Aonad Pobail, Fiontair agus Forbairt Eacnamaíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Pleananna Straitéiseacha/Oibriúcháin.
Mar a bhíonn amhlaidh le CAS ar fud na tíre, treorófar obair CAS Chontae na Gaillimhe ag a Phlean Straitéiseach trí bliana 2008 go 2011 agus ag an bPlean Oibriúcháin ó bhliain go chéile.
Léiríonn an Plean Straitéiseach na torthaí ar roinnt comhairliúchán poiblí a rinneadh i rith 2007. Áiríodh leo siúd comhairliúcháin le clubanna/eagraíochtaí spóirt sa chontae, sé chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh i ngach toghcheantar sa chontae, suirbhé scríofa cuimsitheach ar gach bunscoil agus meánscoil i gContae na Gaillimhe, agus ionchur na mball de Bhord CAS Co. na Gaillimhe. Bhí na comhairliúcháin sin ina n-ardán áit ar thapaigh grúpaí/daoine aonair leasmhara an deis treoir a thabhairt d’ábhar an phlean, sa mhéid is go raibh a gcuid riachtanas faoi leith i gceist. Forbraíodh na straitéisí ina ngníomhartha agus tá siad leagtha amach go sonrach sa Phlean Oibriúcháin. Anois is mian le CAS Co. na Gaillimhe buíochas a ghabháil as an tacaíocht den scoth a fuaireamar ón gComhairle Náisiúnta Spóirt agus ónár gcomhairleoirí, Morgan Buckley agus Elaine Fitzgerald as Atlantic Sports Management and Training, agus an réitiú deireanach á dhéanamh ar an dá dhoiciméad.
A Chuspóir a Bhaint Amach.
Chun a cuspóir a bhaint amach, díreoidh CAS Co. na Gaillimhe ar chur chuige dhá-phointe. Ar an gcéad dul síos díreofar ar chláir lárnacha na Comhairle Náisiúnta Spóirt a sheachadadh. Is iad sin ná;
- Cláir imeartha Buntús le haghaidh daltaí réamhscoile agus bunscoile. Sa chás seo tugtar oiliúint do mhúinteoirí chun na cláir a sholáthar do na leanaí agus tugtar paca Buntús do gach bunscoil le húsáid ag na múinteoirí agus na leanaí.
- Mná sa Spórt – tionscnamh chun méadú a dhéanamh ar rannpháirteachas i spórt agus caitheamh aimsire ag mná agus cailíní ar fud an chontae.
- Cúrsa Cód Eitice – cúrsa riachtanach le haghaidh aon duine/club atá ag plé le leanaí i spórt.
- Go for Life – clár gníomhaíochta atá dírithe ar dhaoine scothaosta/ scortha sa chontae.
- Oiliúint saorálaithe – oiliúint le haghaidh oifigeach club, oiliúint gharchabhrach.
Cúrsaí Ceannaireachta Gníomhaí.
Ar an dara dul síos, déanfaidh an Chomhpháirtíocht cláir atá sonrach do limistéir a sheachadadh. Tá cuid acu sin aitheanta cheana ón bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, agus áireofar leo straitéis le haghaidh na n-oileán amach ón gcósta, ag díriú ar limistéir a bhfuil riachtanais speisialta acu– ceantair Clár and RAPID ach go háirithe, an fharraige a úsáid mar ionad spóirt agus spóirt mhionlaigh a chur chun cinn ar fud an chontae. Oibreoidh CAS Co. na Gaillimhe i ndlúthpháirt le gach comhlacht rialaithe spóirt sa chontae chun gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn agus a sheachadadh don oiread saoránach agus is féidir.