Cosán an tSuímh...
An Dara Chomhairliúchán Poiblí
An Dara Chomhairliúchán Poiblí - Scéim Feabhsúcháin Bhóthar an R336 as Bearna go Scríb via Ros an MhílIs mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe fógra a thabhairt go mbeidh an dara babhta de chomhairliúcháin phoiblí i ndáil le Scéim Feabhsúcháin Bhóthar an R336 as Bearna go Scríb trí Ros an Mhíl ar siúl sna háiteanna agus ag na hamanna seo a leanas:
Dé Céadaoin, 17ú Meitheamh 4 - 8 i.n. Óstán an Connemara Coast
Déardaoin, 18ú Meitheamh 4 - 8 i.n. Óstán na Páirce, An Spidéal
Dé hAoine, 19ú Meitheamh 4 - 8 i.n. Halla Pobail na Tulaí
De Luain 22ú Meitheamh 6 – 8 i.n. An Chrannóg, Ros Muc
Beidh baill foirne as Comhairle Chontae na Gaillimhe agus as RPS Consulting Engineers i láthair chun eolas a thabhairt ar an tionscadal. Taispeánfar líon áirithe de roghanna bealaigh agus fáilteofar roimh thuairimí agus roimh aighneachtaí faoi na roghanna bealaigh seo agus faoin tionscadal i gcoitinne.
Bheadh fáilte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh thuairimí agus roimh mholtaí faoin tionscadal. D’fhéadfaí iad seo a dhéanamh ag na comhairliúcháin, ar líne ar http://www.galway.ie/R336 nó tríd an bpost chuig:
An tInnealtóir Tionscadail,
Scéim Feabhsúcháin Bhóthar an R336 as Bearna go Scríb via Ros an Mhíl,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc,
SAORPHOST,
Gaillimh.