Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Déanamh & Feabhsú Bóithre

San áireamh le déanamh agus feabhsú bóithre tá déanamh scéimeanna príomhbhóithre, scéimeanna bóithre níos lú, scéimeanna ailíniú agus feabhsú bóthair, déanamh agus feabhsú cosáin, srl, agus is é freagracht Comhairle Chontae na Gaillimhe é mar Údarás Bóithre. Is iondúil go mbaineann príomhscéimeanna le príomhbhealaí náisiúnta, agus dá bhrí sin, é lán-mhaoinithe ag an Ú.B.N. Is de réir conarthaí a thugtar amach a dhéantar na scéimeanna seo tar éis tairiscint phoiblí. I leithéid de chásanna, ceapann an Comhairle Chontae foireann theicniúil agus innealtóireachta maoirseoireachta lena chinntiú go gcuirtear an tionscadal i gcrích de réir an caighdeán atá ag teastáil. Féadfaidh foireann Rannóg Bóithre na Comhairle oibreacha ar scéimeanna bóithre níos lú agus ailíniú agus feabhas a dhéanamh trí obair dhíreach nó is féidir sin a dhéanamh trí conradh tar éis tairiscint phoiblí nó trí meascán d'obair dhíreach agus conradh. Rinneadh gach obair tógála agus feabhasúcháin de réir na treoirlínte atá leagtha amach do chaighdeáin bóithre ag An bhForas Forbartha agus an Roinn Comhsaoil agus Rialtais Áitiúil. Déanann an Comhairle Chontae deimhin go gcuirtear duchtra ar fáil chun línte leictreachais agus teileachumarsáide a chur faoi thalamh a éascú i ngach scéim nua chun, fad is gur féidir, ath-oscailt sráideanna agus cosáin a sheachaint.