Cosán an tSuímh...
Scéim Oibreacha Bóthair Pobail
Cuireann an Comhairle Chontae cuid den leithdháileadh deontais do bhóithre i leataobh do thionscadail a mheallann páirteachas an phobail in oibreacha feabhasúcháin agus cothabhála ar bhóithre áitiúil atá feiliúnach. Is féidir ranníocaíochtaí a dhéanamh mar airgead nó féadfaidh siad seasamh do "ranníocaíochtaí comhchineáil" lena mbainfeadh obair/ábhair do bheith á soláthar ag an iarrthór. Féadfaidh na hoibreacha a leanas ar féidir le cónaitheoirí áitiúil a sholáthar a bheith san áireamh:
- draenáil trí phíopaí faoi gheataí agus de réir mar atá ag teastáil do dhraenáil bóithre
- limistéir liagtha a sholáthar i gcóngar do na geataí agus idir an geata agus an dromchla bóthar miotaluithe
- claíocha agus fálta a chur siar chun cora a éascú agus chun fad radhairc a fheabhsú.
Cuirtear fáilte roimh iarratais i Meán Fómhair gach bliain agus cuirtear clár oibreacha le chéile faoi réir tosaíocht cuí na n-iarratas a fhaightear.