Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Scéim Fostaíochta Pobail

Is urra ón earnáil phoiblí í an Comhairle ar scéimeanna fostaíochta pobail a bhíonn á riaradh ag FÁS. Déantar iarratais ar scéimeanna a athnuachan a chuir faoi bhráid FÁS in aghaidh na bliana. Chun scéim a cheadú tá líon na n-oibrithe, an láthair agus an cineál oibreacha le leagan amach.  Déantar na rannpháirtithe ar an Scéim a earcú ón mBeo-Chlár agus fostaítear maoirseoir ar gach scéim. Féadfaidh rannpháirtithe teacht ar chúrsaí a chuirtear ar fáil chun deiseanna fostaíochta a uasmhéadú sa todchaí, trí oideachas i scileanna sonracha láimhe agus teicniúil agus ag cruthú muinín do na hoibrithe chun na scileanna seo a úsáid.  Tá buiséad oiliúna de €500 ar fáil do gach rannpháirtí ar an Scéim in aghaidh na bliana.  Tá cúig Scéim i bhfeidhm sa Chontae faoi láthair:  Maigh Cuilinn/ Coill na Muc; Baile Labhráis/ An Mhainistir; Tuaim; An Clochán/ Cloch na Rón agus Órán Mór/ An Gort.