Cosán an tSuímh...
SCÉIMEANNA FEABHSÚCHÁIN ÁITIÚIL
Baineann an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil le hobair chóiríochta d'fheabhsú, athchóiriú bóithre neamhphoiblí, atá ag freastal ar thailte feirme, tithe, portaigh, droichid bheaga lena n-áirítear oibreacha draenála bainteach. Caithfidh na hoibreacha a bheith chun leasa dhá dháileacht talún nó níos míon ar le nó atá á úsáid ag dhá dhuine difriúil atá i mbun gníomhaíochtaí ar leith talmhaíochta, nó rochtain a chuir ar fáil chun críocha fómhar a dhéanamh (lena n-áirítear baint mhóna), nó i dtuairim an Chomhairle Contae gur féidir leis an bpobal é a úsáid. Ní mba cheart gur gnáth-chothabháil a bheadh i gceist leis na hoibreacha seo a mbeadh na hiarratasóirí ábalta a dhéanamh iad féin go héasca. Caithfidh iarratasóirí ranníocaíochta áitiúil a íoc ar fiú 10%-15% de costas measta an tionscadail, atá ag braith ar méid fhoriomlán na scéime. Caithfear an ranníocaíocht áitiúil a íoc roimh tús a chuir leis an obair ar thionscadal. Ní ghlactar le lucht oibre nó ábhair saor in aisce mar chuid den ranníocaíocht. Faightear iarratais agus déantar iad a phróiseáil ar bhonn leanúnach, agus má cháilíonn an scéim cuirfear ar liosta tosaíochta í. Cuirtear clár oibreacha le chéile agus cuirtear i bhfeidhm é nuair a fhaightear an leithdháileadh deontais ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an clár CLÁR. Tugtar tús áite do thionscadail ar mó aire atá uathu sa chontae tríd is tríd. Caithfidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo tairiscint a fháil laistigh de thréimhse trí bliana iarratas a chuir isteach arís má tá sé i gceist acu dul ar aghaidh le scéim.
Nuair a bheidh tionscadal críochnaithe, ní bheidh freagracht ar an gComhairle Chontae níos mó, agus i gcás aon chothabháil ar oibreacha sa todhchaí, is ar an úsáideoir a bheidh an fhreagracht.