Cosán an tSuímh...
Táirgeadh Scannáin do Shábháilteacht ar Bhóithre
(a) Go nÉirí an Bóthar Leat
Sa bhliain 2003, sheol an Chomhairle scannán beochain faoi shábháilteacht ar bhóithre dar teideal 'Go nÉirí an Bóthar Leat' a rinne an Comhairle i ndáil leis an Oifig Ealaíon, na Gardaí, Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (Ceantar an Iarthair), An Chomhairle Sábháilteachta Náisiúnta, Foras na Gaeilge móide daltaí ó Scoil Náisiúnta Bhaile Átha Ghártha agus ó Scoil Mhuire an Tuairín, Béal an Daingin.
Rinne daltaí ó Scoil Náisiúnta Bhéal Átha Ghártha an scannán i dteannta le Eamon Little, scannánóir áitiúil. Rinne páistí Scoil Mhuire an Tuairín, Béal an Daingin, leagan Gaeilge, ina raibh páirt acu sa scannán féin chomhmaith leis na beochain. Is é aidhm an tionscnaimh seo ná tábhacht sábháilteachta ar bóthar a chur ina luí ar pháistí a thabharfadh siad leo agus iad ag fás. Páistí atá ag comhairliú páistí. Tá sé beartaithe cóip den scannán a dháileadh, lena thaispeáint, i ngach scoil náisiúnta i gContae na Gaillimhe.
Bhuaigh an scannán seo an 'Endeavour Award' ón gComhairle Sábháilteachta Náisiúnta i 2004.
(b) Ó Aois go hAois
I 2005, sheol an Chomhairle scannán feasachta faoi shábháilteacht ar bhóithre 'Ó Aois go hAois' a rinne Oifig Sábháilte ar Bhóithre na Comhairle i gcomhar leis an Oifig Ealaíon, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (Ceantar an Iarthair), an Chomhairle Sábháilteachta Náisiúnta, Coláiste St. Raphael, Baile Locha Riach, agus le dhá Ionad Cúraim Lae i gContae na Gaillimhe.
Is é aidhm an scannáin ná cur leis an tuiscint ar thábhacht sábháilteachta ar bhóithre i measc daoine níos aosta agus reachtáil an Chomhairle Sábháilteachta Náisiúnta agus An Garda Síochána sraith ceardlann sna hIonaid Chúraim Lae.
Dáilfear cóip den scannán seo ar chomhlachtaí ábhartha i gContae na Gaillimhe.