Cosán an tSuímh...
Scéim Maor Scoile Sóisearach
Tá an tseirbhís Maor Scoile Shóisearach leagtha amach le háiseanna a chur ar fáil le go rachfar trasna an bhóthair go sábháilte in aice bunscoileanna i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuatha ina mbíonn uasteorainn luais de 50 cm san uair i bhfeidhm. Tá an Scéim Maor Scoile Shóisearach ag feidhmiú in Éirinn ó 1969. Is mar bharr thiomantas, obair agus chomhoibriú gach duine a bhaineann lena feidhmiú, lena n-áirítear ó theagascóirí ó na Gardaí, príomhoidí scoile, údaráis áitiúla agus go háirithe na daltaí scoile féin, go bhfuil ag éirí leis an scéim i gcónaí.
Más mian le lucht scoile go ndéanfaí measúnú orthu maidir le bheith oiriúnach don scéim seo caithfear iarratas scríofa a chur chuig an Aonad Bóithre agus Iompair. Nuair a fhaightear iarratas ag iarraidh Scéim Maor Scoile Shóisearach a bhunú déanann Oifigeach Sábháilteachta na Comhairle réamhfhiosrú i gcomhar le hInnealtóir áitiúil an Cheantair, le Gardaí agus le foireann innealtóireachta eile chun cúrsaí tráchta agus sábháilteachta a mheas. Lorgaítear comhaontas don scéim ó na Gardaí, ón Innealtóir Ceantair, ó Bhord Bainistíochta na scoile, ó Phríomhoide na Scoile agus ó thuismitheoirí na bpáistí a bhíonn i gceist. Tugann an Chomhairle urraíocht donscéim agus soláthraíonn an Chomhairle éadaí na Maor, na marcanna bóthair, comharthaí & srl. Cuireann Gardaí an oiliúint ar fáil agus bronntar teastais ar na Maoir ag deireadh an chúrsa.
Tá sé scoil páirteach sa scéim, sa scoilbhliain 2006/2007, i gContae na Gaillimhe.
Chomh maith leis sin eagraíonn an Chomhairle Comórtas Maor Scoile Sóisearach. Glacannscoileanna ó chontae agus ó chathair na Gaillimhe páirt sa chomórtas. Bronntar duaiseanna ar an bhfoireann scoile is fearr ar an lá.