Cosán an tSuímh...
Seachtain na Soghluaisteachta 16-22 Meán Fómhair
|
SEACHTAIN SOGHLUAISEACHTA NA HEORPA 16Ú – 22Ú MEÁN FÓMHAIR Ag cur Soghluaisteachta Inbhuanaithe chun Cinn |
|---|
Bíonn Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa ar siúl gach bliain ón 16ú Meán Fómhair go dtí an 22ú Meán Fómhair. Tá breis is 2,000 baile agus cathair ar fud na hEorpa páirteach san imeacht agus iad ag leagan béime ar an ngá atá le hathrú iompraíochta maidir le soghluaisteachta.
Is é cuspóir Sheachtain Shoghluaisteachta na hEorpa ná díospóireacht fhorleathan a éascú ar an ngá atá le hathruithe a dhéanamh i bpátrúin taistil agus go háirithe ar an ngá atá le laghdú a dhéanamh ar úsáid aonair cairr.
Cuireann an tSeachtain ardán ar fáil chun:
• Cur leis an eolas atá ag an bpobal faoi imní a bheith faoi thruailliú aeir, faoi shábháilteacht ar bhóithre agus faoin athrú aeráide, imní atá ag méadú.
• Cur leis an eolas atá ag an bpobal faoin damáiste don chomhsaol agus faoin gcaighdeáin saoil a thagann de bharr treochtaí áirithe soghluaiseachta.
• Na polasaithe atá ann cheana féin, tosaíochtaí agus dea-chleachtais a bhaineann le soghluaisteacht inbhuanaithe a chur chun cinn.
Tugann Seachtain Shoghluaisteachta na hEorpa deis do dhuine machnamh ar an tionchar atá ag an mbealach a dtaisltealaíonn duine ar a shláinte, ar an gcomhshaol agus ar a chuid airgid phearsanta.
Tugann an tSeachtain deis bhreá chun malairt roghanna iompair a cleachtadh lena n-áiritear siúl, rothaíocht, iompar poiblí, roinnt cairr rl.
SEACHTAIN SOGHLUAISTEACHTA NA hEORPA 2008
Is í Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa 2008, an chéad bhlian a mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe páirteach i Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa. Tá an Chomhairle chomh maith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairlí Cathrach Bhéal Átha na Sluaighe, Thuama agus Bhaile Locha Riach, le tacaíocht ó
Is é an téama do Sheachtain Shoghluaisteachta na hEorpa 2008 ná "Aer Glan do Chách" agus beidh roinnt imeachtaí agus ócáidí dírithe thart ar an téama sin. Is féidir rochtain a fháil ar eolas faoi thionchar gáis cheaptha teasa agus eolas ar an earnáil iompair agus ar faoina bhféadfá a dhéanamh chun do lorg carbóin a laghdú ar an suíomh www.change.ie.
Eiseoidh Údaráis Áitiúla Chontae na Gaillimhe Clár iomlán do Sheachtain Shoghluaisteachta na hEorpa go luath i Meán Fómhair 2008.
Ba cheart tograí, tuairimí agus moltaí d’ócáidí agus d’imeachtaí a chur isteach chuig:
An tAonad Bóithre agus Iompair
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Prospect Hill
Gaillimh
Fón: 091 509309 | Faics: 091 509059 | ríomhphost: mobility@galwaycoco.ie
Tá tuilleadh eolais maidir le Seachtain Shoghluaisteachta na hEorpa le fáil ar www.mobilityweek.eu
chomhpháirtithe éagsúla áitiúla agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag eagrú sraith imeachtaí lae atá dírithe ar na príomh-théamaí iompair inbhuanaithe go léir, rothaíocht, siúl, iompar poiblí, úsáid ciallmhar cairr rl.Tá na hócáidí atá á reáchtáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i 2008 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain Shoghluaisteachta na hEorpa maoinithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus páirtmhaoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil