Cosán an tSuímh...
![]() |
SA mBAILE MÓR GAN MO CHARR
22ú Meán Fómhair
SRÁIDEANNA MAIREACHTÁLA 2008
NÍOS MÓ NÁ LÁ AMHÁIN ! |
|---|
Tá "Sa mBaile Mór Gan Mo Charr" agus an dáta 22ú Meán Fómhair socraithe go maith mar dheis do dhaoine stopadh agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh ár mbailte móra d’uireasa an oiread tráchta. Tugtar dúshlán daoine fiafraí cé dó sráideanna, agus an bhfuil an chothromaíocht cheart á baint amach.
Aithníonn Comhairle Chontae na Gailllimhe "Sa mBaile Mór gan Mo Charr" , ní mar lá amháin ach mar dheis ar leith chun léiriú a dhéanamh an tslí a bhféadfaí sráideanna a úsáid mar spásanna sóisialta agus le éascú a dhéanamh d’iompar poiblí, siúl agus rothaíocht.
Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla agus le cabhair mhaoinithe ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag cur roinnt ócáidí agus imeachtaí ar siúl an 22ú Meán Fómhair 2008 bunaithe ar na téamaí Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus ar Aer Glan do Chách.
Tá tuilleadh eolais maidir le Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa ar fáil ar www.mobilityweek.eu
Tá ócáidí atá á reáchtáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i 2008 le ceiliúradh
a dhéanamh ar "Sa Bhaile Mór gan Mo Charr’ maoinithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe
agus páirtmhaoinite ag an Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
