Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Ceisteanna coitianta

Cén t-údar atá le Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa?

B’fhéidir go bhfuil tú ar dhuine de na daoine a bhfuil imní ort faoin gceist iompair agus na tionchair atá aige ar chaighdeán beatha: truailliú aeir, torann, brú tráchta rl. Agus mar sin féin, tá líon na gcarranna ag ardú...

Tugann Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa deis do gach duine a léiriú mar a théann an cheist seo i bhfeidhm air/uirthi. Tá fáilte roimh aon ghníomhaíocht a tharraingíonn aird ar an tionchar a bhíonn ag roghanna gach duine ar an gcomhshaol agus tá fáilte roimh spreagadh a thabhairt d’úsáid modhanna iompair inbhuanaithe. Ba cheart gurb é an toradh a bheadh air seo ná go mbeadh seachtain iomlán d’ócáidí dírithe ar an téama soghluaisteachta inbhuanaithe agus ar siúl sa mhéid cathracha agus contaetha agus is féidir faoin scáth Eorpach.

Cén uair a mbeidh Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa ann?
Bíonn Seachtain Soghluaisteacht na hEorpa ann gach bliain ón 16ú go dtí an 22ú Meán Fómhair. Is é an 22ú Meán Fómhair buaicphointe na seachtaine tráth a n-eagraíonn na cathracha agus Bardasachtaí a bhíonn rannpháirteach an ‘Sa mbaile mór gan mo charr" ar an lá áirithe sin.

Cé leis is féidir páirt a ghlacadh?
Is iad na húdaráis áitiúla rannpháirtithe oifigiúla Sheachtain Shoghluaisteachta na hEorpa. Tá míle fáilte romhat mar shaoránach i gceantar atá rannpháirteach teacht chuig na gníomhaíochtaí go léir atá eagraithe ansin. Bain taithneamh as ócáidí cultúir agus spóirt, dúshláin chomaitéirí agus comórtais eile, cluichí thráth na gceist rl. ar shráideanna gan carranna le linn an lae "Sa bhaile mór gan mo Charr"!

Céard iad na buntáistí?
Do chion féin a dhéanamh ar son aer níos glaine, níos lú torainn agus níos mó spáis, tú a bheith breá folláin agus freisin airgead a shábháil a bhíteá a chaitheamh ar bhreosla!

Céard iad na bearta buana agus cé le haghaidh a bhfuil siad?
Ciallaíonn bearta buana aon chineál bearta a chabhraíonn le haistriú ón gcarr chuig modhanna iompair inbhuanaithe a bheidh againn amach anseo.

Cén fáth a ngeallannn na cathracha rannpháirteacha bearta buana a fheidhmiú?
Féadann feachtas Sheachtain Shoghluaisteachta na hEorpa maireachtáil ar feadh bliana ar fad agus meabhraíonn sé sin do dhaoine gur féidir déanamh le níos lú tráchta carranna sa mbaile mór. Léirionn bearta buana nach stopann an gealltanas ag deireadh na Seachtaine, agus go bhfuil an t-údarás áitiúil, a chuid polaiteoirí agus a chuid seirbhísí sásta infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí agus i gcultúr soghluaisteachta nua.