Cosán an tSuímh...
Bóithre a Dhearbhú mar Bhóithre Poiblí
De réir foráil Alt 11 d'Acht na mBóithre 1993, arna bhfuil sé beartaithe ag Údarás Bóithre bóthar a dhearbhú mar bhóthar poiblí, féadfaidh sé;
- Deimhneoidh dó féin gur fóntas don pobal i gcoitinne é an bóthar
- Breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí airgeadais don Údarás a ghabhann leis an dearbhú atá beartaithe.
- Breithniú a dhéanamh ar aon agóid nó uiríoll a dhéanann an pobal.
Caithfear fógra poiblí den dearbhú atá beartaithe a thabhairt i nuacthán áitiúil amháin ar a laghad le tréimhse d'aon mí amháin curtha leis chun iniúchadh a dhéanamh ar an dtogra agus coicís eile d'agóidí nó d'uiríll a dhéanamh.
Caithfidh an fógra poiblí an suíomh, pointí cinn scríbe agus neasfhad an bhóthair a luaigh. Nuair atá sé beartaithe bóithre eastát tithíochta a dhearbhú mar bhóithre poiblí caithfidh an fógra ainm agus suíomh an eastát a luaigh.
Is feidhmeanna forcoimeádta comhaltaí tofa an údarás bóithre iad ordú a dhéanamh chun bóthar a dhearbhú mar bhóthar poiblí agus breithniú a dhéanamh ar agóidí agus uiríll an cineál seo togra.
Liosta Dearbhuithe Reatha & Dearbhuithe Roimhe Seo