Cosán an tSuímh...
Téarmaí & Coinníollacha
COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE
An tAonad Bóithre Iompair, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh .
Fón: (091) 509000 Facs: (091) 509059 Idirlíon: www.galway.ie
- Eiseofar Ceadanna Páirceála do Chónaitheoirí chuig úinéirí feithicil ina bhfuil an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu suite ar Shráid lena mbaineann na Fodhlíthe d’Áiteanna Páirceála.
- An chiall atá le gnáth-áit chónaithe ná an aonad tithíochta ina bhfuil cónaí ar dhuine agus go mbíonn cónaí orthu ann thar oíche go ceann tréimhse nach lú ná 183 lá den bhliain.
- Ní bheidh Cónaitheoirí Áiteanna Cónaithe a bhfuil limistéar páirceála dílis leo, incháilithe do Cheadanna Cónaitheoirí.
- Eiseofar dhá Chead Páirceála do Chónaitheoirí do gach teaghlach.
- An chiall atá le ‘Feithicil’ ná gluaisteán príobháideach, carr fada, nó feithicil paisinéirí ina bhfuil áit iontu do nach mó ná seacht bpaisinéir gan tiománaí san áireamh, agus dlite faoin aicme cánach ‘Príobháideach.
- Beidh Cead Páirceála do Chónaitheoir bailí ar feadh tréimhse aon bhliain amháin ón dáta eisithe.
- An táille atá curtha le Cead Páirceála do Chónaitheoirí ná € 10.00.
- Ceadófar do sealbhóir Cead Páirceála do Chónaitheoirí an feithicil atá ainmnithe sa chead a pháirceáil, gan teorann, i spásanna atá ainmnithe ar an sráid(eanna) atá liostaithe sa chead.
- Beidh Cead Páirceála do Chónaitheoirí ar taispeáint laistigh den feithicil ar eisíodh dó é ionas gur féidir é a léamh lasmuigh den feithicil.
- Má scoireann sealbhóir Cead bailí do Chónaitheoirí do bheith ag cónaí ag an seoladh atá ainmnithe sa chead nó má scoireann sé/sí do bheith mar úinéar an feithicil atá ainmnithe sa chead, ní bheidh an cead bailí níos mó agus caithfear é a thabhairt ar ais do Chomhairle Contae na Gaillimhe. Caithfear iarratas nua a dhéanamh i leith an seoladh nó feithicil nua.