Cosán an tSuímh...
Inis Oírr – Buaiteoirí Mórtas Ceantair na nOileán
Pobail bhródúla ba ea Inis Oírr agus Leitir Fraic nuair a ghnóthaigh siad Dámhachtainí Mórtas Ceantair ag searmanas fleáchais i mBaile Átha Troim i gContae na Mí oíche Shathairn seo caite. Bhí an dá phobal seo a bhuaigh duais i measc na dtrí phobal a bhí ainmnithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe le hionadaíocht a dhéanamh ar son an chontae i gcomórtas Mórtas Ceantair na bliana seo:
- Inis Oírr faoi Chatagóir na nOileán
- Leitir Fraic faoin gCatagóir, Daonra 0-200
- AIT RAPID* Thuama faoin gCatagóir, Freagairt an Phobail ar an Dífhostaíocht
Comórtas uile-oileáin is ea comórtas Mórtas Ceantair na hÉireann atá faoi stiúradh údaráis áitiúla ó thuaidh agus ó dheas ón teorainn i gcomhar le Co-Operation Ireland agus a thugann aitheantas d’fheabhsúcháin agus do ghníomhartha a dhéanann pobail áitiúla le mórtas ceantair a chur chun cinn ina bpobal.
Bhí Méara an Chontae, an Comh. Jimmy McClearn agus an Bainisteoir Contae, an tUasal Martina Moloney, i láthair ag an searmanas dámhachtainí lena gcuid tacaíochta a thabhairt do na hainmnithe uile. Dúirt an Méara McClearn, “Táim bródúil as na hainmnithe uile mar go léiríonn sé dílseacht agus rannpháirtíocht mórán daoine ar fud an chontae a thugann a gcuid ama dá bpobal. Táim an-bhródúil as Inis Oírr agus as Leitir Fraic go háirithe as ar bhain siad amach dá bpobal. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le muintir Thuama freisin as freagairt a bpobail ar an dífhostaíocht trí oibriú le GMIT ar fhorbairt an Ardteastais i bhFiontar, agus cé nach raibh an oíche leo, is cinnte go raibh ainmniúchán tuillte go maith acu.
Fógraíodh pobal Inis Oírr mar Bhuaiteoir na hÉireann i gcatagóir na nOileán. Bhronn Cathaoirleach Co-Operation Ireland, Christopher Moran agus an tAire Iompair, Noel Dempsey, T.D., an dámhachtain a ghlac Áine Uí hAlmhain, Gráinne Ní Chonghaile, Paddy Crowe agus Méara an Chontae, an Comh. Jimmy McClearn ar son Phobal Inis Oírr.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an bpainéal breithnithe i leith bhronnadh na duaise iomláine faoi chatagóir na nOileán ar Inis Oírr: “Is an-speisialta go deo na héachtaí atá bainte amach le haghaidh fheabhsú an phobail ar an oileán seo. Rinneadh feabhsúcháin mhóra ar an mbonneagar agus ar na gnéithe sóisialta, geilleagracha agus cultúrtha de shaol an phobail faoi cheannaireacht grúpa áitiúil fuinniúil. Tá fís ríshoiléir ag an ngrúpa seo ar na riachtanais bunaithe ar thaighde leanúnach fónta agus tá na hardaidhmeanna á mbaint amach de réir a chéile. Ní hamháin go ndeachaigh a dtiomantas agus a ndiongbháilteacht i gcion ar na moltóirí, ach ba é a a gcur chuige fonnmhar i dtaca le baint amach a gcuid aidhmeanna is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu. Bhíomar an-sásta duais na chéad áite a bhronnadh orthu faoi chatagóir na nOileán 2010.”
Dúirt an Méara an méid seo a leanas faoi Inis Oírr agus faoi dhuais na nOileán a bhain siad, “Éacht iontach í agus tá an-fhonn orm aitheantas a thabhairt di ar son na Comhairle seo. Tá an duais tuillte acu as obair chrua chomhsheasmhach mhuintir Inis Oírr ar fad, go háirithe na daoine sin a d’oibrigh ó dhubh go dubh chun tionscnaimh phobail a chothú agus a fhorbairt le tríocha bliain anuas. Ba mhaith liom ómós a thabhairt d’Áine Uí hAlmhain, do Paddy Crowe agus dóibh siúd uile a ghníomhaigh mar Ghrúpa Áitiúil Comhordaithe. Déanaim comhghairdeas le bunadh Inis Oírr agus guím gach rath orthu amach anseo. Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag tnúth go mór le leanúint ar aghaidh ag tairiscint tacaíochta agus cúnaimh chun tionscnaimh amach anseo a chur chun cinn trí oibriú le chéile ar son leas phobal an oileáin seo.“
Ainmníodh Leitir Fraic as a n-iarrachtaí le freagairt ar athrú ina bpobal agus le seirbhísí a chur ar fáil don phobal go léir. Bronnadh an dara háit ar Leitir Fraic faoin gcatagóir, Daonra 0-200 agus ghlac Breda Conneys, Ann Pollington, Samantha Flaherty agus Méara Chontae na Gaillimhe, an Comh. Jimmy McClearn, an duais seo ar son a bpobail.
*AIT RAPID Athbheochan Ceantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt – An Fhoireann um Fheidhmiú Ceantair
Le tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le
Shane Ó’ hEithir
Oifigeach Foirne,
Forbairt Pobail, Fiontair agus Eacnamaíochta
Fón póca: (087) 2463428
Teil: (091) 476502 Facs: (091) 779082
R-phost: soheithir@galwaycoco.ie
Tagairt do Mhórtas Ceantair www.prideofplace.cooperationireland.org/
Fógraí Poiblí
D’oscail Méara Chontae na Gaillimhe, an Comh. Michael Maher, Leabhar Dea Mhéine ag Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh lena cheadú do mhuintir na Gaillimhe a dteachtaireachtaí comhghairdis, tacaíochta, dea rath agus dea mhéine don Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn i rith a théarma 7 mbliana ina Uachtarán ar Éirinn a léiriú.
Fógraí Tábhachtach d’Úsáideoirí Uisce I gContae na Gaillimhe
Fógraí maidir le srianta uisce srl.
FreeTrade Ireland
Seirbhís phoiblí i FreeTrade Ireland a chuireann ar do chumas earraí a bhailiú agus a chur ar aghaidh saor in aisce. Glac páirt inniu, shábháil airgid agus chosaint na timpeallacht.
ATHRAITHE UIMH. 2 ( STRAITÉIS FUINNIMH GAOITHE A ÁIREAMH) AR PHLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE 2009-2015
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Athraithe Uimh.2 (Straitéis Fuinnimh Gaoithe a áireamh) ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009-2015 déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an 26ú Meán Fómhair 2011 de réir Alt 13 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 – 2010, na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004 agus an Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach (92/43/EEC) Cliceáil ar an nasc thuas le tuilleadh faisnéise a fháil
Feile na gCloch, Inis Oírr 2011
Dé hAoine 23ú go dtí Dé Domhnaigh 25ú de Mhí Mheán Fómhair 2011 Cliceáil an nasc thuas le tuilleadh sonraí agus foirm chlárúcháin
Aláram Deataigh
Sheol Méara Chontae na Gaillimhe Scéim Pobail na nAláram Deataigh don bhliain 2011, Dé Luain an 28 Márta 2011. Sa Scéim ar leith seo, comhoibreoidh an Chomhairle Contae le pobail, le soláthróirí seirbhíse agus le deonacha chun aláraim dheataigh in aisce a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. Cliceáil ar an nasc thuas le tuilleadh faisnéise a fháil.
Tithe le díol i mBaile Atha an Rí, Contae na Gaillimhe. Seoladh: Páirc na hAbhann, Baile Atha an Rí
Fógraítear ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil 62 tithe le díol i mBaile Atha an Rí faoin scéim AHI.
Gradaim Oidhreachta an Chontae 2011
Ta Clár Gradaim Oidhreachta Contae bunaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe mar aitheantas ar na hiarrachtaí dearfacha agus rannpháirtíocht dhaoine aonaracha agus pobail a bhfuil sprioc na hoidhreachta curtha chun cinn acu ar fud an chontae Más mian leat dune aonair nó grupa a ainmniu scríobh nó cuir ríomhphost le do thoil i gcóir foirm ainmniúcháin chuig Oifigeach Oidhreachta Is é an data deireanach chun an fhoirm ainmniúchain comhlanaithe chur isteach ná 4 i.n Dé hAoine, 18ú Marta 2011
Scéim Deontais Oidhreachta 2011
Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail amháin iarratais a dhéanamh ar dheontais oidhreachta, ba choir na foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an tOifigeach Oidhreachta roimh 4 i.n Dé HaOINE, 18ú Márta 2011
FreeTrade Ireland
Seirbhís phoiblí i FreeTrade Ireland a chuireann ar do chumas earraí a bhailiú agus a chur ar aghaidh saor in aisce. Glac páirt inniu, shábháil airgid agus chosaint na timpeallacht.





