Cosán an tSuímh...
Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 – 2006 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004
FÓGRA UM DHRÉACHTPHLEAN CEANTAR ÁITIÚIL THUAMA 2011-2017
TUAIRISCÍ SCAGTHA LE HAGHAIDH MEASÚNACHT STRAITÉISEACH COMHSHAOIL AGUS MEASÚNACHT IOMCHUl
Cuireadh chun páirt a ghlacadh i bpleanáil todhchaí Thuama
De réir fhorálacha Altanna 19 agus 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú ag Altanna 8 agus 9 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2002, Aireagal 14 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004, Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthoga ón Aontas Eorpach (92/43/EEC) agus an Treoir maidir le Tuillte ón Aontas Eorpach 2007/60/EC tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréachtphlean Ceantair Áitiúil (LAP) 2011-2017, Tuairisc Scagtha Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (SEA) agus Tuairisc Scagtha Céim 1 Measúnacht Iomchuí curtha le chéile ag Comhairle Contae na Gaillimhe do Thuaim.




