Cosán an tSuímh...
Tithe le díol i mBaile Atha an Rí, Contae na Gaillimhe.
Seoladh: Páirc na hAbhann, Baile Atha an Rí
Suite i nGort na hAbhann, in aice le ollmhargadh Joyce, i suíomh an-aomthach, le ceap plandaí go fairsing sa scéim.
Tá teastas BER (B3, faoi coinníolacha áirithe) ag teacht le gach teach.
Is é €160,000 an praghas ar na tithe seo, an-phraghas ar teach 3 seomra codalta, leath-scoilte.
Má tá suim agat nó má tá aithne agat ar dhuine ar bith atá suim acu bheith ar an liosta le haghaidh na tithe seo nó tithe eile ar phraghas réasúnta i gContae na Gaillimhe, cuir glaoch ar an Rannóg Tithíochta ar na huimhreacha thíosluaite no i ríomhphost. Is féidir leat foirm iarratais a fháil ar www.galway.ie agus í a sheoladh chuig ‘Commhairle Chontae na Gaillimhe, An Rannóg Tithíochta, Cnoc na Radharc, Gaillimh’.
Tá breis eolais ar fáil ó:
091 509300
*** Nua *** - Cliceáil anseo chun ár nGailearaí Grianghraif nua agus Turas Fíorúil 360 a fheiceáil
Féach ar ár suíomh ar an idirlíon lán de Pictúirí
Féach anseo le míoneolas ar scéimeanna tithíoch ar praghas réasúnta
 
FÓGRA UM DHRÉACHTPHLEAN CEANTAR ÁITIÚIL THUAMA 2011-2017
TUAIRISCÍ SCAGTHA LE HAGHAIDH MEASÚNACHT STRAITÉISEACH COMHSHAOIL AGUS MEASÚNACHT IOMCHUl
Cuireadh chun páirt a ghlacadh i bpleanáil todhchaí Thuama
De réir fhorálacha Altanna 19 agus 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú ag Altanna 8 agus 9 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2002, Aireagal 14 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004, Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthoga ón Aontas Eorpach (92/43/EEC) agus an Treoir maidir le Tuillte ón Aontas Eorpach 2007/60/EC tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréachtphlean Ceantair Áitiúil (LAP) 2011-2017, Tuairisc Scagtha Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (SEA) agus Tuairisc Scagtha Céim 1 Measúnacht Iomchuí curtha le chéile ag Comhairle Contae na Gaillimhe do Thuaim.
Tá gné nua síntiúis GeoRSS tugtha isteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ina gCóras Pleanála arlíne. Is féidir anois scéala a chuir chugat maidir le Iarratais Pleanála Ceadaithe i do cheantar (nó aon cheantar).
Fógraítear ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil 62 tithe le díol i mBaile Atha an Rí faoin scéim AHI.
De réir sliocht 24(4) de Achtanna Pleanála agus Forbartha 2000 – 2006, fógraíonn Udarás Réigiúnach an Iarthair go bhfuil Dréacht Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála 2010 – 2022 le haghidh Udarás Réigiúnach an Iarthair ar fáil. Ullmhaíodh na Dréacht Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála de réir Acht Pleanála agus Forbartha 2000 – 2006, Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála) 2009 agus Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004. Is é Udarás Réigiúnach an Iarthair - Comhairle Chontae Ros Comáin, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.