Cosán an tSuímh...
FÓGRA
Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, mar Údarás Cuain do Chuan an Caladh Mór agus Cuan an Chóra, Co. na Gaillimhe, Fodhlíthe a dhéanamh an Explosives Act 1875 le haghaidh pléascáin a iopmar, a luchtú agus a dhíluchtú ag Cuan an Caladh Mór agus Cuan an Chóra, Co. na Gaillimhe.
FÓGRA
Tugtar fógra leis seo chomh go bhfuil sé i gceist ag an gComhairle iarratas a dhéanamh chuig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí chun na Fodhlíthe a cheadú de réir an Explosives Act 1875. Beidh fáil ar chóip de Dhréachfhodhlíthe Fodhlíthe Pléascáin Chomhairle Contae na Gaillimhe 2006 (Cuan an Caladh Mór & Cuan an Chóra) ar fáil le scrúdú sna hionaid a leanas go dtí 8 Bealtaine 2006.
Fógra Poiblí don togra – Fodhlíthe Pléascáin do Inis Meáin
Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe, mar Údarás Cuain do Chuan an Caladh Mór agus Cuan an Chóra i bhfeidhmiú na cumhachtaí a thugtar di faoi Alt 34, 38 agus 39, den Explosives Act, 1875, a glacadh, le cead ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, na Fodhlíthe a leanas do Chuan an Chóra agus Cuan an Caladh Mór.
Cursai Mara
Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh an Rása Aigéan Volvo 2012 chuig ár gcósta. Soláthrann an nasc seo eolas ar na Céibheanna, Calafoirt agus Calaidh ar fad atá i gContae na Gaillimhe.
Fógraí Tábhachtach d’Úsáideoirí Uisce I gContae na Gaillimhe
Fógraí maidir le srianta uisce srl.
Deis chun do thuairim a nochtadh faoi Straitéis na Gaillimhe a Thacaíonn le Daoine Breacaosta
Sheol Comhghuaillíocht na Gaillimhe a Thacaíonn le Daoine Breacaosta Tionscnamh an Chontae agus na Cathrach a Thacaíonn le Daoine Breacaosta, i Meán Fómhair na bliana anuraidh. Táimid ag reáchtáil sraith de Cheardlanna Sainchomhairliúcháin Phoiblí/Éisteachta Gníomhaí agus táimid ag lorg do thuairimí agus do smaointe a bheidh ina láimh chúnta dúinn chun eolas a chur ar fáil i Straitéis na Gaillimhe a Thacaíonn le Daoine Breacaosta don chathair agus don chontae araon.
go n-athlonnófar Oifig Ceantair Órán Mór (Leacach)
Comhairlítear do chustaiméirí go n-athlonnófar Oifig Ceantair Órán Mór (Leacach) go Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh ar an Luan 2 Aibreán 2012. Is féidir gach fiosrúchán a bhaineann le Oifig Ceantair Órán Mór a dhéanamh mar seo leanas
FreeTrade Ireland
Seirbhís phoiblí i FreeTrade Ireland a chuireann ar do chumas earraí a bhailiú agus a chur ar aghaidh saor in aisce. Glac páirt inniu, shábháil airgid agus chosaint na timpeallacht.
ATHRAITHE UIMH. 2 ( STRAITÉIS FUINNIMH GAOITHE A ÁIREAMH) AR PHLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE 2009-2015
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Athraithe Uimh.2 (Straitéis Fuinnimh Gaoithe a áireamh) ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009-2015 déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an 26ú Meán Fómhair 2011 de réir Alt 13 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 – 2010, na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004 agus an Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach (92/43/EEC) Cliceáil ar an nasc thuas le tuilleadh faisnéise a fháil
Feile na gCloch, Inis Oírr 2011
Dé hAoine 23ú go dtí Dé Domhnaigh 25ú de Mhí Mheán Fómhair 2011 Cliceáil an nasc thuas le tuilleadh sonraí agus foirm chlárúcháin
Aláram Deataigh
Sheol Méara Chontae na Gaillimhe Scéim Pobail na nAláram Deataigh don bhliain 2011, Dé Luain an 28 Márta 2011. Sa Scéim ar leith seo, comhoibreoidh an Chomhairle Contae le pobail, le soláthróirí seirbhíse agus le deonacha chun aláraim dheataigh in aisce a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. Cliceáil ar an nasc thuas le tuilleadh faisnéise a fháil.
Tithe le díol i mBaile Atha an Rí, Contae na Gaillimhe. Seoladh: Páirc na hAbhann, Baile Atha an Rí
Fógraítear ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil 62 tithe le díol i mBaile Atha an Rí faoin scéim AHI.
Gradaim Oidhreachta an Chontae 2011
Ta Clár Gradaim Oidhreachta Contae bunaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe mar aitheantas ar na hiarrachtaí dearfacha agus rannpháirtíocht dhaoine aonaracha agus pobail a bhfuil sprioc na hoidhreachta curtha chun cinn acu ar fud an chontae Más mian leat dune aonair nó grupa a ainmniu scríobh nó cuir ríomhphost le do thoil i gcóir foirm ainmniúcháin chuig Oifigeach Oidhreachta Is é an data deireanach chun an fhoirm ainmniúchain comhlanaithe chur isteach ná 4 i.n Dé hAoine, 18ú Marta 2011
Scéim Deontais Oidhreachta 2011
Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail amháin iarratais a dhéanamh ar dheontais oidhreachta, ba choir na foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an tOifigeach Oidhreachta roimh 4 i.n Dé HaOINE, 18ú Márta 2011
FreeTrade Ireland
Seirbhís phoiblí i FreeTrade Ireland a chuireann ar do chumas earraí a bhailiú agus a chur ar aghaidh saor in aisce. Glac páirt inniu, shábháil airgid agus chosaint na timpeallacht.






