Cosán an tSuímh...
RÓL AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ ÚDARÁS RÉIGIÚNACH AN IARTHAIR
- Comhordú agus nuair is cuí, comhoibriú, comhghníomh, comhshocruithe, comhaontuithe, cumarsáid agus comhchomhairle a chur chun cinn idir údaráis áitiúla agus údaráis phoiblí eile sa réigiún nó idir údaráis den sórt sin i réigiúin eile.
- Comhordú, comhsheasmhacht agus comhoiriúnacht a chothú le cláir, beartais phleananna, moltaí nó cuspóirí de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire Rialtais.
- Comhordú ar sholáthar Seirbhísí Poiblí sa Réigiún a mhaoirsiú.
- Glacadh leis na Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.
- Na Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a chur i bhfeidhm.
- Dréachtphleananna forbartha agus an dtagann siad le ceanglais réigiúnacha a athbhreithniú.
- Ráitis a dhéanamh ar ábhair mar a ordaíonn an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil nó Comhúdarás Áitiúil.
- Forbairt fhoriomlán an réigiúin a athbhreithniú agus ráitis a dhéanamh maidir leo de réir mar is cuí agus soláthar seirbhísí Poiblí sa réigiún a choinneáil faoi athbhreithniú.
- Tograí, comhairle, moltaí agus eolas a sholáthar don Rialtas i ndáil le hiarratais ar chúnamh ón AE.
- Tuarascálacha réigiúnacha tréimhsiúla a fhoilsiú.
- Monatóireacht ar dhéanamh ar thionchar ginearálta na gClár AE ar fad sa réigiún faoin bPlean Forbartha Náisiúnta/gCreat Tacaíochta Pobail.
- Leathadh amach rochtain leathanbhanda a chur chun cinn trí sheirbhísí inbhuanaithe a bhunú i mbailte, i srádibhailte, i gcúlchríocha tuaithe agus i limistéir i mbailte níos mó nach bhfuil a ndóthain freastail á dhéanamh orthu ar bhonn chomhordú na n-údarás áitiúil/réigiúnach agus tionscnaimh phobail faoi na Grúpscéimeanna agus Scéimeanna Contae Leathanbhanda (CGBS).