Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Local business support services


Bord Fiontair Chontae & Chathair na Gaillimhe

Is é Bord Fiontair Chontae & Chathair na Gaillimhe Teoranta an phríomhghníomhaireacht a bhfuil baint aici le comhairle, meantóireacht, oiliúint agus cúnamh airgeadais a chur ar fáil do  ghnólachtaí beaga incháilithe atá bunaithe agus cinn atá nua shocraithe i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Tá tuilleadh eolais i ndáil le critéir agus incháilitheacht ar fáil ar ár láithreán gréasáin www.galwayenterprise.ie  


Coimisiún Forbartha an Iarthair

Is comhlacht reachtúil é Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) a chuireann forbairt eacnamaíoch agus sóisialta chun cinn i gcontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus an Chláir.

Bíonn baint ag an gCoimisiún le hanailís agus forbairt polasaí, le tionscnaimh réigiúnacha a chur chun cinn agus le feidhmiú Chiste Infheistíochta Choimisiún Forbartha an Iarthair. 

http://www.wdc.ie


Lookwest.ie

Tá an láithreán gréasáin seo bunaithe ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) chun tú a spreagadh Breathnú Siar le haghaidh áit chónaithe, áit oibre agus áit do ghnó a dhéanamh. Cliceáil na ceannteidil thíos le haghaidh eolas ar Ghnó, ar Fhóillíocht agus ar Chónaí san Iarthair.

http://www.lookwest.ie/