Cosán an tSuímh...
Dámhachtain um Fheabhas Trí Inrochtaineacht 2008 bainte amach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh Áras an Chontae
Bhronn an tÚdarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) dámhachtain ar Chomhairle Contae na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt do ghnóthachtála chun inrochtaineacht a lánpháirtiú le soláthar seirbhísí.
Reáchtáladh na Dámachtainí um Fheabhas Trí Inrochtaineacht ag Páirc an Chrócaigh, Baile Áth Cliath ar an gCéadaoin an 3 Nollaig, 2008. Is de bharr inrochtaineacht a lánpháirtiú i ndearadh agus soláthar seirbhísí gur féidir le daoine faoi mhíchumas a mbealach a dheánamh isteach níos éasca chuig saoráidí Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Bronnadh an Dámhachtain ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe do bheith ag léiriú an leibhéal inrochtaineachta atá bainte amach i leith príomhghnéithe a bhaineann le seirbhísí Comhairle Chontae na Gaillimhe lena n-áirítear: foirgnimh agus saoráidí, foilseacháin, suíomhanna idirlín, seirbhísí custaiméara, acmhainní daonna, oiliúint agus nósanna imeachta soláthair.
Tá Feabhas trí Inrochtaineacht ag iarraidh fócas soiléir agus tiomantas d’fheabhsú leanúnach inrochtaineacht seirbhísí poiblí ag gach leibhéal a chur chun cinn agus luach saothair a thabhairt ina leith do gach eagraíocht atá rannpháirteach. Chun sin a dhéanamh, spreagann an dámhachtain go ndéanfaí beartais, cleachtais agus caidrimh a fhorbairt lena chinntiú go mbíonn éachtaí i leith inrochtaineacht inbhuanaithe agus suntasach do chustaiméirí.
Le blianta beaga anuas, tá roinnt gnéithe feabhsaithe inrochtaineachta tugtha isteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ag Áras an Chontae agus foirgnimh agus leabharlanna ar fud an Chontae lena n-áirítear, lúba éisteachta ionduchtúcháin, cuntair íslithe, doirse cumhachtchúnta, treochomharthaí braille, feabhsúcháin ar pháirceáil, bealaí isteach agus leithris atá insroichte, mar aon le feabhsúcháin ar sheirbhísí fhoriomlan custaiméara lena n-áirítear an suíomh idirlíon agus teacht ar eolas i bhformáidí éagsúla.
Thug an Stiúrthóir Seirbhísí, Kevin Kelly le fios agus é ag cur fáilte roimh an Dámhachtain go bhfuil an Comhairle ‘ag leanacht do bheith ag baint amach na gealltanais atá leagtha amach inár bPlean Gníomhaíochta Míchumais, go háirithe inrochtaineacht chuig ár bhfoirgnimh agus seirbhísí custaiméara’ agus d’admháil sé an cur isteach a bhí ag an bhfoireann ar fud na heagraíochta i mbaint amach an Dhámhachtain.

Pictured from left: James McClean, Chair of the ETA Approvals Board; Dermot Mahon, Administrative Officer, Galway County Council; Siobhan Barron, Director of NDA; John Maloney, TD Miister of State with Special Responsibility for Equality, Disability and Mental Health; and Shane Hogan, NDA.