Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Nós Imeachta do Ghearáin

Tá go leor bealaí ar féidir leat aiseolas a thabhairt dúinn, eolas a lorg nó gearán a dhéanamh má bhíonn tú den tuairim nach gcomhlíonann an caighdeán seirbhíse ár dtiomantais atá againn i ndáil le cúram custaiméirí.

Cé a fhéadfaidh gearán a dhéanamh ?

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh má mhothaíonn tú:

Cad iad na cúinsí ina gcaithfear achomharc a dhéanamh ?

Tá réimsí ina bhfuil nósanna imeachta foirmiúla achomhairc nó gearán cheana féin eisiata ón bpróiseas gearán ó chustaiméirí, e.g. gearáin/achomhairc a bhaineann le cinntí ar iarratais phleanála, gearán faoi shábháilteacht dóiteáin nó achomhairc i gcoinne cinntí a rinneadh faoi reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.

Cad atá i gceist le 'gearán' ?

Tá an sainmhíniú seo a leanas ar ghearán leagtha amach ag an Ombudsman:
'glactar cinneadh nó gníomh a bhaineann le soláthar seirbhíse nó le hoibriú feidhme a éilítear nach bhfuil faoi réir rialacha, chleachtais nó pholasaí na heagraíochta nó na bprionsabal comhionannais agus cleachtais mhaith riaracháin, a nglactar go ginearálta leo, agus a dhéanann difear dochrach don duine lena mbaineann'..

I bhfocail eile… bhí an tseirbhís a soláthraíodh go dona, uireasach, fabhtach nó ní dhearnadh í ag caighdeán inghlactha nó de réir na nósanna imeachta cearta.


Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn gearán agam maidir le Seirbhís?

Má bhíonn ábhar imní ort maidir le seirbhís áirithe nó go mbíonn moladh agat ba chóir duit scríobh chuig comhalta foirne sa réimse seirbhíse áirithe sin nó labhairt leis nó léi. Má bhíonn fadhb ann déanfaimid iarracht í a réiteach ar an bpointe. Is féidir ábhair imní a léiriú ag suíomh oifige ar bith dár gcuid.

Conas a dhéanaim gearán?

Táimid ag iarraidh fios a bheith againn nuair nach mbíonn ár seirbhísí i gceart. Táimid ag iarraidh rudaí a chur ina gceart agus foghlaim ón ár mbotúin. Dá bhrí sin rinneamar iarracht rudaí a shocrú le go mbeadh sé éasca gearán a dhéanamh. Is féidir leat úsáid a bhaint as ár bhfoirm ar líne do thuairimí nó is féidir leat litir a sheoladh chugainn, cuairt a thabhairt orainn, glaoch teileafóin a chur orainn nó ríomhphost nó faics a sheoladh chugainn. Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin leis an Oifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí san Aonad iomchuí faoin gcaighdeán nó faoin tslí ar seachadadh seirbhís.

Tordh: Déileálfar leis an ngearán agus eiseofar freagra laistigh de 15 lá oibre.

Mura mbeidh mé sásta leis an bhfeagra a gheobhaidh mé cad is féidir liom a dhéanamh ansin?

Mura mbeidh tú sásta leis an bhfreagra féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ár bhfoirm ar líne nó trí ár bhfoirm ghearán a chomhlánú agus a chur isteach chuig an Oifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí i nGnóthaí Corparáideacha. Tá foirmeacha gearán ar fáil i ngach ceann dár n-oifigí. Gheobhaidh tú admháil laistigh de 7 lá oibre agus freagra foirmiúil laistigh de 15 lá oibre. Murar féidir é sin a dhéanamh ar chúis éigin, scríobhfar chugat agus tabharfar neas-amscála duit maidir le freagra a fháil. Ba chóir Foirmeacha Gearán a sheoladh chuig:

An tOifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí
An tAonad Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúir
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh

Teil: 091-509000   Faics: 091- 509010 ríomhphost: customercare@galwaycoco.ie


íoslódáil an fhoirm ghearán

An féidir liom dul níos faide le mo ghearán mura mbeidh mé fós sásta?

Is duine neamspleách í an tOmbudsman a dhéanann gearáin faoin tseirbhís phoiblí agus faoi sheachadadh a seirbhísí a imscrúdú. Tá ceart reachtúil agat gearán a dhéanamh go díreach leis an Ombudsman ag tráth ar bith. Ach de ghnáth breithneoidh sí do ghearán nuair a bhreathnaítear air faoin nós imeachta do ghearáin a léirítear thuas.

Saoráil Faisnéise  Ombudsman
Ba chóir iarratais faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 & 2003 a sheoladh i scríbhinn chuig: Is féidir sásamh reachtúil trí an Ombudsman a fháil trí theagmháil a dhéanamh le:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
An tAonad Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúir
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teil: 01 6785222 Lo-call 1890223030
ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irl.gov.ie