Cosán an tSuímh...
An tSlí le Faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Ba chóir iarratais ar fhaisnéis faoin Acht sin a sheoladh chuig:
An Rúnaí Contae,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh.
Fón: (091) 509000; Faics: (091) 509010
Ríomhphost: secretar@galwlaycoco.ie
B'fhearr dá ndéanfá d'iarratas ar an bhfoirm iarratais um Shaoráil Faisnéise oifigiúil atá ar fáil i ngach rannóg. Ba chóir go léireofaí ar iarratais a dhéantar ar shlite eile seachas ar ar an bhfoirm iarratais um Shaoráil Faisnéise go bhfuiltear ag lorg faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ba choir duit a léiriú ar d'iarratas más mian leat an fhaisnéis a fháil in aon fhoirm ar leith, e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, etc.
Tabhair an méid mionsonraí agus is féidir le do thoil le cur ar chumas na Comhairle na taifid a bhfuil tú ag iarraidh rochtain orthu a aithint.
Má bhíonn deacracht agat na taifid bheachta atá uait a aithint beidh an Chomhairle sásta cabhrú leat d'iarratas a ullmhú.
Ní mór don Chomhairle admháil maidir le d'iarratas a eisiúint laistigh de choicís ó fhaightear é agus cinneadh a dhéanamh ar d'iarratas laistigh de cheithre seachtaine ó fhaightear é mura mbíonn baint ag an iarratas le líon taifead chomh mór sin nach féidir é a chomhlíonadh laistigh den am a shonraítear, sa chás sin féadfar síneadh ama nach rachaidh thar cheithre seachtaine breise a cheadú. Ní mór duit fógra a fháil maidir le tréimhse an síneadh ama a theastóidh agus na cúiseanna leis.