Cosán an tSuímh...
ÚS PIONÓIS
Cuireadh na Rialacháin um Íocaíochtaí Déanacha ar Idirbhearta Tráchtála 2002 i bhfeidhm ar an 7 Lúnasa 2002. Socraíonn na Rialacháin thuas teorannacha ama i leith íocaíochtaí cuntais ó údaráis áitiúil do soláthraithe agus conraitheoirí srl., agus bíonn an t-údarás áitiúil faoi dhliteanas ús a íoc ar íocaíochtaí déanacha (os cionn 30 lá).
Má bhíonn íocaíocht déanach, bíonn an soláthraí i dteideal ús a íoc leo, de réir ráta a bheidh socruithe ag an Aire, ón dáta a bhí an íocaíocht dlite go dtí an dáta a íoctar an cuntas. I gcás sonrasc mícheart, bíonn ús dlite deich lá tar éis don sonrasc ceart a fháil, má bhíonn sé níos déanaí ná an dáta atá leagtha síos. (mar a bhí ar an 1 Iúil 2007 leis an ráta laethúil úis ag 0.0301%)