Cosán an tSuímh...
FÁILTE GO CONTAE NA GAILLIMHETá Contae na Gaillimhe ‘mar cheann de na háiteacha sin, na háiteacha speisialta, draíochtúil sin gur mhaith le chuile dhuine cuairt a thabhairt air mura rabhadar ann cheanna, gur mian le chuile chuairteoir a dhul ar ais ann, agus nach mian le éinne a bhfuil sé d’ádh orthu cónaí ann fágáil riamh.’
Luíonn Contae na Gaillimhe, an contae is mó i gCúige Chonnacht, i lár chósta iarthar na hÉireann. Clúdaíonn sé beagnach 6,000 km cearnach (le os cionn 2000km de chósta rocach) agus tá scoilte ag Loch Coirib, an dara loch is mó in Éirinn. Tá dhá thírdhreach ar leith ag an gcontae seo – talamh sléibhtiúil Chonamara taobh thiar do Loch Coirib agus tailte shaibhir fheirmeoireacht oirthear na Gaillimhe. Is iad na bailte is mó in oirthear na Gaillimhe ná Béal Átha na Sluaighe, Tuaim, Baile Átha an Rí, An Gort dhá leanacht ag An gClochán i gConamara i nGaillimh Thiar. Tionóltar os cionn 50 féilte go bliantúil i nGaillimh, ag ceiliúradh Séasúr na nOisrí, Ealaín agus Cultúr Áitiúil, Ceol, Gaeilge agus go leor eile. I nGaillimh ní tírdhreach eisceachtúil amháin atá i dtaithí an chuairteora ach daoine agus pobail go gcinntíonn a mbród agus a noscailteacht go dtagann formhór na gcuairteoirí ar ais arís agus arís eile. Is tréith uathúil de Chontae na Gaillimhe é go bhfuil an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn ann. Tá cheithre phríomh oileán ar a bhfuil daoine ina gcónaí amach ó chósta na Gaillimhe le Oileáin Árann a bhfuil cáil domhanda orthu agus Inis Bó Finne sa áireamh.
Chun a fháil amach céard atá ar fáil i gContae na Gaillimhe agus i Réigiún Iarthar na hÉireann maidir le áiteanna le cuairt a thabhairt orthu, rudaí le déanamh agus áiteacha le fanacht agus le nithe gliogáil ar http://www.irelandwest.ie/ nó glaoigh ar 353 (0)91-537700
Breathnaigh freisin ar rannóg naisc se’againn fhéin freisin .